Is plean idirghníomhaireachta é an Clár um Pobail Shláintiúla de chuid Sláintecare, chun sláinte agus folláine pobail áirithe ainmnithe ar fud na tíre a fheabhsú.
Tá an Roinn Sláinte, Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Coiste um Fhorbairt Phobail Áitiúil i ndiaidh aontú a bheith ag obair i gcomhpháirt le réimse páirtithe leasmhara chun gníomhaíochtaí a chomhordú a rachadh i ngleic leis na gnéithe sóisialta a imríonn tionchar ar shláinte na ndaoine, agus a chruthaíonn na coinníollacha ina saolaítear muid, ina mairimid beo, ina bhfásann muid, ina n-oibríonn muid, agus ina dtéann muid in aois.
Roghnaíodh dhá limistéar i nDún na nGall: Iarthuaisceart Dhún na nGall, ina bhfuil cuid den Ghaeltacht, na hoileáin agus Inis Eoghain.
Iarthuaisceart, Gaeltacht, Oileáin |
Inis Eoghain |
Ba mhaith linn guth an phobail a chluinstin ó ghrúpaí nó eagraíochtaí maidir le conas is féidir bhur gceantracha a dhéanamh níos sláintiúla le cónaí iontu, le hobair iontu, agus le dul in aois iontu san am amach romhainn. Ba mhaith linn moltaí a fháil uaibh maidir le tionscadail, tionscnaimh nó forbairtí a ba mhaith libh a fheiceáil in bhur gceantar, nó a d’fhéadfadh do ghrúpa a chur i bhfeidhm taobh istigh de do phobal. Líon isteach an fhoirm léirithe spéise, le do thoil, chun cuidiú leis an Chlár um Pobail Sláintiúla de chuid Sláintecare eolas a bhailiú.
Tá síneadh ama leis an léiriú spéise anois go dtí Dé Céadaoin 17 Lúnasa 2022, ar 3pm.
Expression of Interest - English Version
Iarthuaisceart, Gaeltacht, Oileáin | Inis Eoghain |
Pamela Smullen Don Chlár um Pobal Sláintiúil Rphost: [email protected] |
Clodagh Murray
Don Chlár um Pobal Sláintiúil |
Fá choinne tuilleadh eolais ar chláracha Sláinte agus Folláine bunaithe ar fhianaise atá á soláthar ag an FSS agus Páirtnéirí Pobail, cliceáil anseo