Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > Sonraí fá choinne cinntí > Suirbhé Sástachta

Cé chomh sásta agus atá muid i nDún na nGall?

 

 

Cé chomh sásta agus atá muid i nDún na nGall? Sin an cheist atá an suirbhé seo, atá á dhéanamh ag an Aonad Taighde agus Polasaí sa Chomhairle, ag iarraidh a fhreagairt. Líon isteach an suirbhé anseo (i mBéarla) nó anseo (i nGaeilge).

 

Tá an suirbhé seo, a dtugtar Suirbhé Sástachta Dhún na nGall air, á dhéanamh thar ceann An Choiste um Fhorbairt Phobail Áitiúil i nDún na nGall (LCDC), atá ag iarraidh a fháil amach cén dearcadh atá ag muintir Dhún na nGall ar an chaighdeán beatha atá acu, a leibhéal sástachta leis na seirbhísí atá ar fáil cheana féin, a nascanna leis an phobal thart orthu, agus an dóchas atá acu don am atá le theacht.

 

Ba mhaith linn cluinstin ó gach cearn den chontae, agus ó dhaoine de gach aois, gach cúlra, agus gach spéis, faoi na rudaí atá tábhachtach dóibh agus cad é mar a tchíonn siad an caighdeán beatha atá acu i nDún na nGall.

 

 

Déanfar an suirbhé seo gach bliain agus leagfaidh sé síos tagarmharc ar an chaighdeán beatha atá ar fáil ar fud na gceantracha tuaithe agus uirbeacha sa chontae. Cuideoidh na torthaí ón suirbhé linn bonn eolais a chur faoi phleananna agus faoi pholasaithe de chuid LCDC Dhún na nGall agus na n-áisíneachtaí ar fad eile agus na gcomhpháirtithe ar fad eile a bhfuil baint acu leis an choiste, san am atá amach romhainn.

 

 

Tagann baill LCDC Dhún na nGall ó na Comhairleoirí Contae, oifigigh de chuid na Comhairle, ionadaithe ó áisíneachtaí stáit, an earnáil phobail agus dheonach, agus tá siad freagrach as Plean Áitiúil Eacnaíochta agus Pobail 6 bliana, agus as comhordú a dhéanamh ar obair áitiúil agus ar obair phobail i nDún na nGall.

 

 

Beidh an suirbhé seo beo ón Luan 22 go dtí an Domhnach 4 Samhain, 2018 agus is féidir é a líonadh isteach anseo i mBéarla nó anseo i nGaeilge nó thig leat ceistneoir a phiocadh suas in Oifigí na Comhairle, i Leabharlann nó in ionad pobail agus í a sheoladh ar ais chuig: Suirbhé Sástachta Dhún na nGall, An tAonad Taighde agus Polasaí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Oileán an Stáisiúin, Leifear, Contae Dhún na nGall.