Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > An Clár Náisiúnta Athluachála

An Clár Náisiúnta Athluachála

National Revaluation Programme

Athluacháil 2023: Deimhniú Luachála Beartaithe (DLB) & Ionaid siúil isteach do Chustaiméirí Rátaí Tráchtála

 

D’eisigh an Oifig Luachála Deimhnithe Luachála Beartaithe (DLB) d’íocóirí rátaí i nDún na nGall, ar an 23ú Meán Fómhair 2022. 

 

Ní hionann an Luacháil Bheartaithe (Glanluach Bliantúil ) atá luaite ar an Deimhniú Luachála Beartaithe agus do dhliteanas rátaí.

 

Déantar na rátaí tráchtála iníoctha in aon bhliain a ríomh mar seo- méadaítear an luacháil réadmhaoine (socraithe ag an Oifig Luachála) leis an Ráta Bliantúil ar an Luacháil nó ARV (socraithe ag an Údarás Áitiúil).

 

Tá Ráta Bliantúil ar an Luacháil (ARV) táscach ullmhaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall, bunaithe ar an cháin a gearradh ar ioncam in 2022. Tabhair faoi deara gur ráta táscach atá ann seo- rud a chuideoidh leat meastachán a dhéanamh ar chostas do bhille ón 1ú Eanáir 2024 ar aghaidh. Ní thiocfaidh aon athrú ar ráta do bhille idir an dá linn, agus is dócha go n-athróidh an ráta táscach roimh 2024. Beidh an ráta socraithe ag an Chomhairle faoi dheireradh 2023.

 

Is é 0.232 an Ráta Bliantúil ar an Luacháil (ARV) atá ann do Chomhairle Contae Dhún na nGall. Leis an dliteanas rátaí a ríomh, tóg an ráta luachála beartaithe ón deimhniú agus déan é a mhéadú leis an ráta ARV 0.232 m.sh.:

Ráta Luachála Beartaithe €10,000 * 0.232 = €2,320 (Bille Rátaí Measta)

 

Cliceáil anseo le húsáid a bhaint as áireamhán ar líne a chuir an Oifig Luachála ar fáil, le rátaí a mheas: https://www.valoff.ie/en/revaluation/rates-calculator/

 

Mura bhfuil íocóir rátaí sásta lena luacháil bheartaithe nó le haon ní eile atá faoi réir sa Deimhniú Luachála Beartaithe, ba chóir “aighneacht” a dhéanamh chuig an Oifig Luachála faoi cheann 40 lá de dháta eisiúna an deimhnithe. Tugtar an dáta deiridh d’aighneachtaí le fios ar an Deimhniú Luachála Beartaithe. Ní thabharfar aon aighneacht a fhaightear i ndiaidh an achar ama a luadh thuas, san áireamh. Níl aon bhaint ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis an phróiseas luachála nó aighneachta.

 

Ionaid siúil isteach

 

Cuirfear Ionaid siúil isteach ar bun i nDún na nGall ón Luan 3ú Deireadh Fómhair go dtí’n Aoine 7ú Deireadh Fómhair 2022. Beidh baill den Oifig Luachála ar fáil le ceisteanna a bhaineann le Deimhnithe Luachála Beartaithe d’íocóirí rátaí a fhreagairt. Ní gá aon choinne a dhéanamh. Féach sonraí na n-ionad thíos:

 

Ionad

Dáta

Am

Ionad Seirbhísí Poiblí An Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath F94 H4CF

An Luan 3ú Deireadh Fómhair

10.00 r.n. - 4.30 i.n.

Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Niall T Bléine, Leitir Ceanainn

F92 TNY3

An Mháirt 4ú Deireadh Fómhair

9.30 r.n.

- 4.30 i.n.

Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach

F93 YV1N

An Chéadaoin 5ú Deireadh Fómhair

9.30 r.n.

- 4.30 i.n.

Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall

F94 DK6C

An Déardaoin 6ú Deireadh Fómhair

9.30 r.n.

- 4.30 i.n.

Ionad Fiontraíochta an BASE,

Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir,

F93 A0E4

An Aoine 7ú Deireadh Fómhair

9.30 r.n.

- 4.00 i.n.

 

Molann Comhairle Contae Dhún na nGall d’íocóirí rátaí, teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Luachála trí bhualadh isteach chuig na hIonaid siúil isteach, go háirithe má bhíonn ceisteanna acu a bhaineann lena ndeimhniú luachála beartaithe. Ní gá aon choinne a dhéanamh ach bí ag dreim le fanacht beag, sa chás go mbíonn éileamh ar an tseirbhís ar an lá áirithe sin.

 

Iarrtar ar íocóirí rátaí an Deimhniú Luachála Beartaithe (DLB) (i.e. an litir a fuarthas ón Oifig Luachála dar dáta 23ú Meán Fómhair, 2022) agus aon eolas tacaíochta nó ábhartha eile a thabhairt leo chuig an Ionad Siúil isteach.

 

Tá tuilleadh eolais maidir le ‘Athluacháil 2023’ ar fáil trí:

 

Ríomhphost: [email protected]

 

Uimhir ghutháin: 01 584 6753

 

Suíomh Idirlín: www.valoff.ie

 

Ceisteanna Coitianta:

 

Tá liosta úsáideach de Cheisteanna Coitianta faoi réir ag an Oifig Luachála.

 

An Clár Náisiúnta Athluachála- bileog

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO