Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bóithre > Ceadúnas Oscailte Bóthair

Ceadúnas Oscailte Bóthair

 Nósanna Imeachta Nua maidir le Ceadúnas Oscailte Bóthair

 

Tugtar cead don té a bhfuil Ceadúnas Oscailte Bóthair aige cuid de bhóthar poiblí a thochailt, mar shampla, carrbhealach/cosán agus an ciumhais féir a bhaineann leo.

 

 

Tá ceadúnas riachtanach más mian le duine/conraitheoir cosán, ciumhais bóthair nó sráid a oscailt ar chúis ar bith

 

Tá córas Náisiúnta nua um Cheadúnú Bóithre Ar Líne darb ainm MRL (Ceadúnú Oibreacha Bóthair Maproad) ar obair agus tá an Oifig Bainistíochta Bóithre (RMO) á bhainistiú agus á thacú ar bhonn náisiúnta.  Ní mór gach iarratas le haghaidh oscailtí bóthair i gContae Dhún na nGall a dhéanamh fríd an suíomh gréasáin nua seo.  Cláraítear ar an chóras MRL fríd an nasc seo a leanas:  http://www.rmo.ie/non-registered-users.html

 

Caithfidh tú do shonraí árachais a chur isteach san fhormáid cheart sula ndéantar an clárúchán.  Gheobhaidh iarratasóirí cláraithe ainm úsáideora agus pasfhocal taobh istigh de sheachtain i ndiaidh dóibh sonraí comhlíontachta a sheoladh isteach.  Beidh cead ag iarratasóirí atá cláraithe iarratas a dhéanamh chuig gach Údarás Bóthair ar fud na tíre.  Caithfidh na hiarratasóirí na bunriachtanais árachais a choinneáil beo.

 

Is féidir ceisteanna maidir le clárú ar an chóras MRL a sheoladh i bhfoirm r-phoist chuig chuig [email protected] nó teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Bainistíochta Bóthair ag

uimhir theileafóin – 028-40741. 

 

Thig leat *liosta de chonraitheoirí a chláraigh leis an RMO a íoslódáil thíos ag:

Liosta de Chonraitheoirí Cláraithe

 

* má chláraigh tú leis an RMO agus gur mian leat do ghnólacht a bheith ainmnithe ar an liosta, cuir sin in iúl trí  r-phost a sheoladh chuig [email protected] nó scairt a chur ar uimhir theileafóin 074 91 53900 agus iarr ar Rannóg na mBóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall. 

 

 

John McLaughlin

Stiúrthóir Seirbhísí

Bóithre agus Iompar