Faoi Alt 75 d’Acht na mBóithre 1993, is féidir le húdarás bóthair, le hordú, bóthair poiblí a dhruid do thrácht ar feadh tréimhse sonraithe agus faoi réir coinníollacha sonraithe ar mhaithe le rás bóthair, chun oibreacha a dhéanamh nó ar chúis ar bith eile.
In Airteagal 12 de na Rialacháin um mBóithre 1994, leagtar síos na riachtanais maidir le tréimhsí fógra agus na tréimhsí inár féidir agóidí a dhéanamh agus machnamh a dhéanamh orthu.
Iarratas a dhéanamh ar dhúnadh bóthair ar bonn sealadach
Ní mór iarratais ar dhúnadh bóthair ar bhonn sealadach a dhéanamh i bhfoirm scríbhinn agus é a sheoladh chuig Rannóg na mBóithre agus Iompair, Teach an Chontae, Leifear ar a laghad sé seachtaine roimh an dáta atá beartaithe an bóthair a dhruid chun go leor ama a thabhairt don Chomhairle a gcuid oibleagáidí a chomhlionadh.
Caithfidh sé a bheith luaite san iarratas an chúis atá le dúnadh an bhóthair, cá fhad a mbeidh an bóthair dúnta, cá bhfuil an bóthair atá le dúnadh agus bóthar malartach a thaispeáint mar aon le léarscáil agus fianaise go bhfuil arachas dliteanais phoiblí mar is ceart faighte.
Sula ndruidfear bóthar, caithfidh an Chomhairle fógra coicíse ar a laghad a thabhairt a léiríonn go bhfuil sé beartaithe acu an bóthar a dhruid agus sin a dhéanamh trí fhógra a chur i nuachtán nó dhó atá ar fáil sa cheantar agus fios a chur ar na gardaí áitiúla chomh maith. Ní mór trí lá ar a laghad a fhágáil saor chun glacadh le hagóidí maidir leis an dúnadh bóthair atá beartaithe.
Caithfear fógra deiridh eile, a thugann sonraí faoi dhúnadh an bhóthair agus bealaí malartacha a fhógairt sna nuachtáin áitiúla ar a laghad seacht lá sula ndúnfar an bóthar.
Beidh dualgas ar an iarratasóir costais fógraíochta na Comhairle a íoc agus sin a dhéanamh roimh dháta tosaigh na hócáide.
Seo thíos liosta de na bóithre atá dúnta go sealadach i nDún na nGall faoi láthair:
Uaireanta Oscailte:Mótarcháin:
Is ar an Mháirt agus an Déardaoin amháin atá An Oifig Mótarchánach oscailte, ó 9.15am go dtí 12.15pm agus 1.15pm go dtí 3pm. Is féidir mótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie
Oifig Airgid:
Luan - Déar: 9am - 4.30pm & Aoine: 9am - 4pm
Druidte ag am lóin - 12.30 go 1pm
Leabharlanna Dhún na nGall
www.donegallibrary.ie
Donegal Libraries