Sheol Josepha Madigan, T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus Ciste na Struchtúr Stairiúil don bhliain 2019 ar an 28 Samhain. Tá €2.5 milliún de chistiú Státchiste don Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus €1.8 milliún do Chiste na Struchtúr Stairiúil (tugadh Ciste na Struchtúr i mBaol air roimhe seo)
Tacóidh an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus Ciste na Struchtúr Stairiúil le húinéirí agus caomhnóirí struchtúr faoi chosaint i ngach limistéar údaráis áitiúil fud fad na tíre in 2019 fad a thugann siad faoi na céadta tionscadal dlúthshaothair ar scála beag chun ár dtimpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú agus a chaomhnú. Cuirfidh na tionscadail tacaíocht ríthábhachtach ar fáil, chomh maith, do phoist áitiúla i gcaomhnú, scileanna traidisiúnta agus tógáil.
Uaireanta Oscailte:Mótarcháin:
Is ar an Mháirt agus an Déardaoin amháin atá An Oifig Mótarchánach oscailte, ó 9.15am go dtí 12.15pm agus 1.15pm go dtí 3pm. Is féidir mótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie
Oifig Airgid:
Luan - Déar: 9am - 4.30pm & Aoine: 9am - 4pm
Druidte ag am lóin - 12.30 go 1pm
Leabharlanna Dhún na nGall
www.donegallibrary.ie
Donegal Libraries