Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Cearnóg an Mhargaidh, Spás do Dhaoine

Cearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn - Spás le haghaidh Daoine Comórtas Dearaíochta Ailtireachta lenár Spás Poiblí a Athshamhlú

Comórtas Dearaíochta Ailtireachta lenár Spás Poiblí a Athshamhlú

 

Tá Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag reáchtáil comórtais leis an spás poiblí ag Cearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn, a athshamhlú.

 

Tá an comórtas ag lorg moltaí dearaíochtaí do Chearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn, a úsáideann ailtireacht agus dearadh chun spás iontach a chruthú ar mhaith le daoine dul ann agus am a chaitheamh ann.  Samhlóidh na tograí deartha coincheapúla cad é mar is féidir le Cearnóg an Mhargaidh a bheith ina spás lárnach poiblí a chuireann croí agus anam Leitir Ceanainn agus a phobail in iúl agus a chomhlíonann na riachtanais úsáide le haghaidh spás poiblí sibhialta i lár an bhaile.

 

Tá an comórtas ar oscailt do ghairmithe agus do scoláirí san ailtireacht nó ábhair ghaolmhara eile, agus is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil ná 4pm ar an 4 Meán Fómhair 2020.

 

Tá duais €8,000 ar fáil don dearadh a bhuann.

 

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an chomórtas a fháil thíos.