Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Comhairliúchán Poiblí > Dréacht-Straitéis Athnuachana B Féich - San Urláir

Dréacht-Straitéis Athnuachana do Bhealach Féich agus Srath an Urláir

 

Dréacht-Straitéis Athnuachana Bhealach Féich – Shrath an Urláir

 

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le BASICC, comhairliúchán poiblí a oscailt chun éisteacht le tuairimí an phobail ar Dhréacht-Straitéis Athnuachana Bhealach Féich – Shrath an Urláir. Is é atá sa Dréacht-Straitéis Athnuachana ná fís spreagúil ardaidhmeannach chun príomhthosaíochtaí agus príomhghníomhaíochtaí a aithint chun láir na mbailte i mBealach Féich agus Srath an Urláir a athnuachan suas go dtí 2040 agus níos faide. Is tionscadal é le todhchaí láir na mbailte a shamhlú agus tá deis ag an phobal a dtuairimí féin a thabhairt.

 

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú na Dréacht-Straitéise Athnuachana, dúirt an Clr. Gerry Crawford, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir: ‘Tá lúcháir orm an fócas láidir athnuachana seo a fheiceáil don dá bhaile, agus go bhfuil dréacht-straitéis á tabhairt ar ais chuig an phobal le tuilleadh aiseolais a fháil ar na tionscadail agus ar na smaointe atá ann. Tógann an Straitéis ar an fhógra maoinithe de €9.7m ar na mallaibh ón Chiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe chun an Tionscadal SEED a chur i gcrích i gcroílár tráchtála na mbailte. Is deis dúinne é an Dréacht-Straitéis Athnuachana chun smaointiú níos faide anonn ná an Tionscadal SEED agus a shamhlú cad iad na deiseanna athnuachana eile atá ann do na bailte.’



Dúirt sé fosta: ‘Mholfainn don phobal ar fad a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin sna 4 seachtaine atá amach romhainn mar go bhfuil sé riachtanach go mbeidh ionchur sa Straitéis Athnuachana ag tuairimí agus mianta an phobail agus na bpáirtithe leasmhara le barr cumais Bhealach Féich – Shrath an Urláir a bhaint amach mar áit bhríomhar le cónaí ann, le teacht ar cuairt agus le hinfheistíocht a dhéanamh.’

 

Tá an Dréacht-Straitéis Athnuachana ullmhaithe ag Ailtirí Pasparakis Friel agus tá sé bunaithe ar thuairimí agus eolas a chuir daoine in iúl le linn comhairliúcháin i mí Mheán Fómhair 2020 agus ag ócáid chomhairliúcháin roimhe sin in Óstán Kee’s i mí na Samhna 2019. Glacann sé na dúshláin, na deiseanna agus na smaointe ón phobal agus déanann sé tionscadail ardaidhmeannacha, spreagúla agus fhísiúla díobh.

 

Mhínigh Kieran Doherty, Cathaoirleach ar BASICC: ‘Is clochmhíle tábhachtach é seo le comhairliúchán poiblí a oscailt ar an Dréacht-Straitéis Athnuachana mar go dtógann sé ar chomhairliúchán roimhe seo leis an phobal maidir le todhchaí ár mbailte. Tá an straitéis seo an-tábhachtach mar go mbeidh sé ina phlean chun treoir a thabhairt i dtaca lenár gcomhthosaíochtaí agus lenár gcomhghníomhaíochtaí do láir na mbailte, agus tacóidh sí le hiarratais ar mhaoiniú san am atá romhainn. Creidimid go bhfuil cuid mhór deiseanna iontacha sa Dréacht-Straitéis chun an bród áite ar leith atá ag Bealach Féich agus Srath an Urláir a fheabhsú, agus tá gníomhaíochtaí spreagúla san áireamh ann a bheas dearfach don gheilleagar agus don phobal sa dá bhaile.’

 

Dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála: ‘is clochmhíle tábhachtach é foilsiú na Dréacht-Straitéise Athnuachana do Bhealach Féich – Srath an Urláir chun na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí athnuachana ar fad don dá bhaile a tharraingt le chéile in aon mháistirphlean amháin atá soiléir, físiúil agus spreagúil. Chomh maith le hinfheistíocht an Rialtais atá faighte sa Tionscadal SEED agus athfhorbairt Chláirseacha na Finne, tá borradh soiléir agus deiseanna ardaidhmeannacha ann don todhchaí’.

 

Tá an Dréacht-Straitéis Athnuachana ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí anois le go dtig tuairimí an phobail a chur san áireamh sa tionscadal. Dúirt Ronan Friel ó Ailtirí Pasparakis Friel: ‘Bhí páirt thábhachtach ag an phobal i mBealach Féich agus Srath an Urláir cheana féin maidir leis an dóigh ar forbraíodh an Dréacht-Straitéis. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo siúd uilig a ghlac páirt go dtí seo. Neartófar an plean go mór trí ionchur láidir breise ón phobal. Tá rannpháirtíocht an phobal fíorthábhachtach chun tuiscint cheart a fháil ar an dóigh a n-oibríonn Bealach Féich agus Srath an Urláir, agus chun cuidiú le fís spreagúil a dhearadh do láir na mbailte. Molann muid don oiread daoine agus is féidir aiseolas a thabhairt dúinn ar an Dréacht-Straitéis le go dtig linn leanúint orainn ag cur an fhís in oiriúint do riachtanais agus do mhianta an phobail áitiúil, gnólachtaí agus cónaitheoirí’.

 

Bí páirteach


Tá go leor bealaí le bheith páirteach idir An Mháirt 15 Meitheamh agus An Mháirt 13 Iúil 2021 trí:

  • Féachaint ar an Dréacht-Straitéis Athnuachana do Bhealach Féich – Shrath an Urláir ag: https://bit.ly/2TtrLq6 
  • Do thuairimí nó ceisteanna a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] faoin 13 Iúil 2021.
  • Coinneáil suas chun dáta ar chuntais Facebook agus Twitter Chomhairle Contae Dhún na nGall
  • An tionscadal a leanúint ar Facebook @Ballybofey Stranorlar Regen

 

De réir mar a athróidh srianta sláinte sna seachtainí amach romhainn, féachfaidh muid an féidir ócáid a reáchtáil trína dtig le daoine bualadh isteach ach coinne a dhéanamh.

 

Féach na hachoimrí thíos de na codanna is tábhachtaí den Dréacht-Straitéis Athnuachana

(Tá na doiciméid theicniúla seo i mBéarla)

 

 

Summary overview of Draft Strategy

Summary of District 1 Stranorlar Pasparakis Friel

Summary of District 2 Mixed use in Stranorlar

Summary of District 3 Marys Place Stranorlar

Summary of District 4 Strategic Opp Stranorlar

Summary of District 5 Pentland Park Ballybofey

Summary of District 6 Ballybofey Village

Summary of District 7 Drumboe and Linkages