Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Rialú Tógála > Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú Cuid L

Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú Cuid L

Cuid L Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú

 

Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú

 

Ceanglaítear leis na Rialacháin Foirgníochta go ndéanfaí foirgnimh a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a íoslaghdaíonn an méid fuinnimh a theastaíonn le haghaidh an foirgneamh a oibriú agus an méid astaíochtaí gaolmhara COa chruthaítear. Fuarthas amach nach gcomhlíonann foirgnimh chríochnaithe áirithe Cuid L de na Rialacháin Foirgníochta. Ní hé amháin go bhfágann sé sin go bhféadfaidh an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta an t-úinéir a ionchúiseamh i leith an neamhchomhlíonta sin, ach cruthaíonn sé deacrachtaí praiticiúla freisin sa mhéid go bhféadfadh go mbeadh sé deacair agus costasach an neamhchomhlíonadh a leigheas.

Chun cor den sórt sin a sheachaint, ní mór duit measúnóir BER atá cláraithe le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) a fhostú láithreach chun measúnú a dhéanamh ar d’fhoirgneamh. Tá liosta measúnóirí cláraithe ar fáil ar líne ag www.sei.ie/ber. Beidh do mheasúnóir in ann ríomhaireachtaí a dhéanamh bunaithe ar líníochtaí d’fhoirgnimh agus mar chuid den phróiseas BER. Ba cheart dó/di bheith in ann na nithe seo a leanas a sholáthar duit:

 

(a)       na leathanaigh lena léirítear comhlíonadh Chuid L de na Rialacháin    Foirgníochta, agus

 (b)      leagan Microsoft Word den Tuarascáil Mionsonraí.

 

Beidh sé soiléir láithreach cén rátáil a bhainfidh an foirgneamh atá beartaithe amach agus cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann dearadh an fhoirgnimh atá beartaithe Cuid L ina hiomláine. Má tharlaíonn sé ag an am sin nach gcomhlíonann an foirgneamh na ceanglais ar aon bhealach, beifear in ann athruithe cuí a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh an foirgneamh atá á thógáil comhlíontach.

 

Comhlíonadh Chuid L de na Rialacháin Foirgníochta

 

Ní mór comhlíonadh Chuid L de na Rialacháin a thaispeáint ach úsáid a bhaint, i gcás teaghaisí, as modheolaíocht an Nós Imeachta um Fhuinneamh Teaghaisí a Mheasúnú. I gcás foirgneamh nach teaghaisí iad, ní mór úsáid a bhaint as modheolaíocht an Nós Imeachta um Fhuinneamh Foirgneamh nach Foirgnimh Bhaile iad a Mheasúnú. Bainfidh do mheasúnóir cláraithe BER úsáid as an phróiseas sin le linn dó/di measúnú a dhéanamh ar d’fhoirgneamh. Tabharfar aird ar na nithe seo a leanas le linn an mheasúnaithe: cineál foirgníochta; leibhéil inslithe; aerú; teinne an aeir; cineálacha breosla; córais agus rialuithe téimh; caillteanais dáileacháin, etc.

 

 

 

Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER)

 

Léiriú ar fheidhmíocht fuinnimh aon fhoirgnimh is ea an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh. Tá sí cosúil leis an lipéad fuinnimh a fhaightear ar chuisneoir sa mhéid go n-úsáidtear scála A go G ina leith. Is iad foirgnimh a bhfuil rátáil “A” acu na foirgnimh is éifeachtúla ar fhuinneamh. Sula n-áiteofar foirgneamh den chéad uair nó sula bhfógrófar é lena dhíol/lena ligean ar léas, ní mór d’úinéir an fhoirgnimh (nó don Ghníomhaire) deimhniú BER agus tuarascáil chomhairleach don fhoirgneamh a fháil.