Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Seirbhís Iarratais Réamhphleanála

Seirbhís Iarratais Réamhphleanála

Tá soláthar déanta san Acht Pleanála agus Forbartha 2000 chun comhairliúcháin réamhphleanála a dhéanamh. Is féidir le daoine a bhfuil a leithéid á lorg acu coinne a dhéanamh le haghaidh comhairliúcháin san Ionad Seirbhísí Pobail áitiúil. Beidh clinicí pleanála ar siúl gach Déardaoin sna hionaid seo a leanas:

  • Toghcheantar na nGleanntach: Ionad Seirbhísí Pobail an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath 
  • Toghcheantar Inis Eoghain : Ionad Seirbhísí Pobail Inis Eoghain, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach
  • Toghcheantar Leitir Ceanainn, Ionad Seirbhísí Pobail Leitir Ceanainn, Bóthar N. T. Bhléine, Leitir Ceanainn 
  • Toghcheantar Dhún na nGall : Ionad Seirbhísí Pobail Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall
  • Toghcheantar Shrath an Urláir : Teach an Chontae, Leifear

Is féidir coinne a dhéanamh trí dhul i dteagmháil go díreach leis an uimhir seo: 0749153900 

Sula ndéanfar coinne, caithfear an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil i scríbhinn

Foirm Iarratais Réamhphleanála

Ginearálta

  1. Ainm agus seoladh an iarratasóra.
  2. Nádúr na forbartha atá beartaithe.
  3. Suíomh na forbartha atá beartaithe [arna aithint go cruinn trí thagairt a dhéanamh do léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis]
  4. Liosta daoine a bhfuiltear ag súil leo a bheith i láthair ag an chruinniú réamhphleanála.

Seicliosta

  1. An bhfuil léarscáileanna, leaganacha amach agus grianghraif den togra curtha ar fáil? Ba chóir an suíomh a aithint ar bhonn Suirbhéireachta Ordanáis.
  2. Liostaigh na sonraí ábhartha a bhaineann leis an suíomh (m.s. aicmiú tírdhreacha, sealúchais ag críochantacht leis, gné seandálaíochta etc.).
  3. Liostaigh na polasaithe/cuspóirí ábhartha sa phlean forbartha atá bainteach leis an togra (e.g. Polasaí Tithíochta Tuaithe, Iltithíocht le pointí rialaithe).
  4. Liostaigh ceisteanna an iarratasóra/an ghníomhaire atá le soiléiriú i dtaca leis na polasaithe/cuspóirí thuas (e.g. rófheiceálacht, tionchar ar phríobháideachas / suite os cionn sealúchais in aice láimhe).

 Nuair is fóirsteanach, ba chóir líníochtaí a chur ar fáil roimh ré.

NÍ DHÉANTAR CUAIRTEANNA SUÍMH I DTACA LE FIOSRÚCHÁIN RÉAMHPHLEANÁLA DO THITHE AONAIR.

NÍ CHUIRTEAR CRUINNITHE RÉAMHPHLEANÁLA AR FÁIL NUAIR A BHÍONN SUÍOMH Á CHUR AR CEANT, ACH THIG LE DAOINE AONARACHA G-PLAN A ÚSÁID.