Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Táillí Forbraíochta > Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2006 - 2007 - Nótaí

Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2006 - 2007 - Nótaí Mionteagaisc

An Scéim Ranníocaíochtaí Forbartha 2006–2007 – Nótaí Eolais

Ba chóir na nótaí eolais a leanas a léamh i gcomhar leis an Scéim Ranníocaíochtaí Forbartha 2006-2007.


1. Glacadh leis an Scéim  


Glacadh leis an scéim ag Cruinniú Speisialta den Chomhairle a tionóladh ar an 26 Eanáir 2006.

 


2. Dáta feidhmithe:  


Tá na rátaí nua i bhfeidhm ón 1 Márta 2006. Mar sin is iad na táillí nua a chuirtear i bhfeidhm faoi choinne cead pleanála ar bith a deonaíodh ar an 1 Márta 2006 nó ina dhiaidh sin.

 


3. Cineálacha táillí  


Gearrtar táillí faoi choinne forbairtí tithíochta faoi cheithre chatagóir ar leith (uisce agus séarachas; bóithre agus muirí; géilleagar, pobal, cultúr; athnuachan uirbeach agus sráidbhailte) bunaithe ar achar urláir.  Charges for residential developments are levied under 4 categories.


Níl difear ar bith idir na táillí a ghearrtar ar thithe i gceantair thuaithe agus ar thithe i gceantair uirbeacha.

 


4. Táillí Uisce agus Séarachais  
Seo thíos sonraí na dtáillí faoi choinne na n-aicmí éagsúla forbartha he breakdown on the water & sewer per class of development is as follows:

 

Achar urláir

Uisce

Séireachas

160m2 nó níos lú

€1500

€100

160m2 – 200m2

€1500

€300

›200m2

€2,100

€300

Teach saoire/Árasán

€2,700

€300

Teach saoire/Árasán (5 nó níos mó)

€1,700

€300

Carbhán/Teach soghluaiste

€800

_

Foirgneamh Tráchtála in aghaidh M2

€1.75

€1.75

Foirgneamh Tionsclaíochta in aghaidh M2

€1.75

€1.75

Trádstóras/Ionad stórála

€1.75

€1.75

 

  • Gearrtar táille séarachais (€100, €300 nó €1.75 in aghaidh m2) ar gach forbairt ar leith, cé acu an bhfuil sé beartaithe iad a cheangal leis an chóras séarachais poiblí nó nach bhfuil. á tá sé beartaithe forbairtí a cheangal le grúpscéim uisce atá faoi chúram na Comhairle, gearrfar táille orthu idir €1500 agus €2100 (ag brath ar achar urláir) NÓ íocfar táille leis an nGrúpscéim CIBÉ ACU TÁILLE IS AIRDE.  (Tá táillí na Scéimeanna faoi cheannas na Comhairle sa leabhrán a scaip Seirbhís U/T/É (W/E/E)).

 

  • Má tá sé beartaithe forbairtí a cheangal le grúpscéim uisce nach bhfuil faoi chúram na Comhairle ní ghearrfar an táille €1500-€2100 (ag brath ar achar urláir) orthu sin.

NB: Ní mór fianaise a chur isteach leis an iarratas pleanála go bhfuil cead ag forbróir an fhorbairt a cheangal le Grúpscéim Uisce agus go bhfuil an táille chuí íoctha le tionscnóir na Scéime.

 

  • Ní chaithfidh forbairtí a bhfuil soláthar príobháideach uisce acu an ranníoc uisce de na ranníocaíochtaí forbartha a íoc.

 

 

5. Bóithre agus Muirí Roads & Marine

Níl aon bhriseadh síos i gceist idir na táillí bóithre agus muirí.


Maidir le heasnamh i dtáillí páirceála, gearrfar táille de €1000 ar gach spás páirceála den chéad cheithre spás (eisceachtaí thíos) agus €2000 faoi choinne gach spás breise, e.g. má tá easnamh de 6 spás, gearrfar táille iomlán de €8000. .
Eisceachtaí:

 

  • Béal Átha Seanaidh  (taobh istigh de phointí rialúcháin) – táille do gach spás €1,500

 

  • Baile Dhún na nGall (taobh istigh de Phlean Ceantair Bhaile Dhún na nGall 2005-2011) – táille do gach spás €4,000

 

 

6. Geilleagar, Pobal, Cultúr

  • Nil aon bhriseadh síos ar na táillí idir na forbairtí seo.

 

  • Ní ghearrfar táillí ach ar  fhorbairtí tithíochta amháin.

 

7. Táillí um Athnuachan Uirbeach agus Sráidbhailte  

  • Níl aon bhriseadh síos ar na táillí idir na forbairtí seo.

 

  • Ní ghearrfar táillí ach ar  fhorbairtí tithíochta amháin.

 

8. Maidir le Ranníocaíochtaí Forbartha Speisialta a ghearradh  

Féach alt 5 ar leathanach 5 den Scéim, le do thoil.


Ba chóir d’innealtóirí a ullmhaíonn tuairiscí ar iarratais phleanála aird a tharraingt air, má ardaítear ceist ar bith maidir le ranníocaíocht forbartha speisialta agus aird chuí a thabhairt ar uimhir 8 thuas. 

 


9. Táillí Ceangail Seirbhíse   
Is táillí sa bhreis iad na ranníocaíochtaí forbartha le cois na ngnáth-tháillí a íoctar ar sheirbhísí a cheangal, ar nós, uisce, séarachas, oscailt bóthair, srl. 

 


10. Achar Urláir a ríomh  

Déantar achar urláir na forbartha atá beartaithe a ríomh mar an t-achar urláir glan. Ciallaíonn sé seo gurb é an t-achar urláir ná toisí na bhfoirgneamh taobh istigh, na ballaí inmheánacha san áireamh.  I gcás óstán, cuirfear blocanna seomraí leapa san áireamh fosta.


Ní chuirtear achar urláir áiléir a úsáidtear faoi choinne stórála ná garáiste tí bona fide atá ceangailte le teach cónaithe san áireamh nuair a bhítear ag ríomh na ranníocaíochta forbartha atá le híoc. 

 

Francie Coyle, Stiúrthóir Seirbhísí, Pleanáil agus Forbairt Gheilleagrach 22 Feabhra 2006.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO