Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Soláthar - Procurement

Soláthar - Procurement

 

 

Cad is 'Soláthar' ann?

 

Ciallaíonn Sólathar Poiblí nuair a cheannaíonn nó nuair a fhaigheann comhlachtaí poiblí oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí faoi chonradh fhoirmeálta nó gan aon chonradh.  Tá réimse leathan soláthar ann- idir gnáthearraí a cheannach, gnáthsheirbhísí a fháil agus tairiscintí/conarthaí foirmeálta do thograí móra infreastruchtúir.

 

Bunphrionsabal den soláthar poiblí is ea próiseas iomaíoch a úsáid ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar maith leofa.   Is é an sprioc atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall ná a chinntiú go mbeidh ardchaighdeáin oscailteachta agus thrédhearcachta ann maidir le cúrsaí soláthair de agus go mbeifear ag comhlíonadh na dTreoracha, na reachtaíochta agus na dtreoirlínte Soláthair Phoiblí.

 

Public Procurement Guide 2022 (i mBéarla)‌

 

I mbun gnó le Comhairle Contae Dhún na nGall

 

Baineann muid úsáid as cuid mhór de na conarthaí náisiúnta a chuireann an Oifig um Sholáthar Rialtais agus lárchomhlachtaí ceannaigh i bhfeidhm.   Cuireann muid iarratais maidir le tairiscintí agus meastacháin do ghnólachtaí ar fáil de réir na dTreoracha, na reachtaíochta agus na dtreoirlínte Soláthair Phoiblí.

 

Bíonn na deiseanna tairisceana atá le teacht á bhfógairt ar www.eTenders.gov.ie nó www.supplygov.ie.  Baintear úsáid as an suíomh seo chun tairiscintí a lorg chomh maith.  Is féidir tairiscintí a lorg trí ríomhphost nó ar an ghuthán (luach íseal). 

  

An dóigh le clárú ar shuíomh gréasáin eTenders

 

Caithfidh soláthraí clárú ar shuíomh gréasáin eTenders le bheith san iomaíocht do na tairiscintí a fhógraítear agus chun leas a bhaint as deiseanna gnó.   Seoltar foláireamh ríomhphoist gach oíche más rud é go bhfoilsítear aon tairiscint nua a thagann leis na catagóirí a roghnaíodh bunaithe ar Chóid Choiteann don Soláthar (CPV).  Ní mór don soláthraí na Cóid CPV a bhfuil spéis ag a chomhlacht iontu a roghnú, sa dóigh is go bhfaighidh sé scéala faoi na tairiscintí cuí de réir mar a fhógraítear iad. Tá tuilleadh eolais le fáil trí chliceáil ar an cháipéisí treorach seo a leanas:

 

Guidance for Suppliers Registering on eTenders (i mBéarla)‌

 

Guidance for Suppliers Responding to Tenders on eTenders (i mBéarla)‌

 

 Má tá aon deacracht agat ó thaobh clárúcháin de, téigh i dteagmháil le deasc chabhrach eTenders ag [email protected] nó cuir scairt ar 021 243 92 77

 

An dóigh le clárú ar shuíomh gréasáin Supply Gov

 

Is córas soláthair é SupplyGov ina dtig le hÚdaráis Áitiúla agus gníomhaireachtaí Stáit eile miontairiscintí (idir creataí agus córais cheannaigh dhinimiciúla a raibh fógairt déanta orthu ar eTenders cheana féin) a reáchtáil agus iarratais le haghaidh tairiscintí a bhainistiú.  Tá sé dírithe ar chatagóirí cosúil le Gléasra ar Cíos; Mionobair Thógála & Oibreacha Sibhialta agus oiliúint ghaolmhar. 

 

Foilsítear creataí agus córais cheannaigh dhinimiciúla nua i bhfoirm fógra conartha ar eTenders agus ar an ábhar sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh tú cláraithe ar eTenders más mian leat scéala a fháil maidir leis na creataí nó córais cheannaigh dhinimiciúla cuí a bhaineann le Mionobair Thógála & Oibreacha Sibhialta srl.  Ní thig ballraíocht a ghlacadh i gcreat atá ann cheana féin go dtí go ndéantar é a athfhógairt ach is féidir iarratas a dhéanamh chun ballraíocht a ghlacadh i gCóras Ceannaigh Dinimiciúil am ar bith le linn na tréimhse bhailíochta.

 

Táthar go fóill ag glacadh le hiarratais faoin Chóras Ceannaigh Dinimiciúil- Gléasra ar Cíos d’Eagrais Seirbhíse Poiblí.  Tá na sonraí a bhaineann leis an iarratas le fáil ag an nasc:

 

Multi-Party Framework Agreement for Road Markings‌ (Leagan Béarla) Foilsithe ar eTenders 19 Deireadh Fómhair 2022.

Multi-Party Framework Agreement for Road Markings‌ (Leagan Gaeilge) 

 

Tá tuilleadh eolais le fáil trí chliceáil ar an cháipéisí treorach seo a leanas:

 

Guidance on Registering on SupplyGov

 

D’fhoilsigh Ionad Oibriúcháin Soláthair an Rialtais Áitiúil (IOSRÁ) Iarratas úr ar Thairiscint (IaT) ar www.etenders.gov.ie (eTenders) chun Córas Ceannaigh Dhinimiciúil a bhunú le haghaidh Conraitheoirí Tógála do Mhionoibreacha ar Mhaoine Cónaithe. Tiocfaidh an Córas Ceannaigh Diniminiciúil isteach i gcomharbacht ar an Chomhaontú Creatlaí Ilpháirtí do Mhionobair Thógála Chónaithe – Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí, atá ann faoi láthair. Is féidir sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh a fháil trí chliceáil ar an nasc seo a leanas:

 

DPS Building Contractors for Minor Building Works (English) (Doiciméad i mBéarla)‌

DPS Building Contractors for Minor Building Works (Irish) (Doiciméad i nGaeilge)‌

DPS Building Contractors for Minor Building Works - Information Notice (Doiciméad i mBéarla)‌

 

Má tá aon deacracht agat ó thaobh clárúcháin de, téigh i dteagmháil le deasc chabhrach supplygov.ie ag [email protected] nó cuir scairt ar 076 1064020.

 

Déan teagmháil linn

 

Má tá aon cheist agat faoi sholáthar, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

 

Má tá aon cheist agat faoi thairiscintí fógartha nó chun meastachán a iarraidh, bain úsáid as na sonraí teagmhála ar shuíomh eTenders.ie nó SupplyGov.ie, de réir mar is cuí.

 

 

 

 

-----------------