Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht - Environment > An truailliú a rialú > An Lár-Shaotharlann

An Lár-Shaotharlann

An Lár-Shaotharlann

 

Tá an Lár-Shaotharlann Central Laboratory suite ag The Kube, Machaire Éanáin, Leitir Ceanainn. Tá 14 bhall foirne ar fostú ann agus cuireann siad tacaíocht ar fáil do Rannóg Uisce & Comhshaoil Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Tá saotharlanna ceimice agus micribhitheolaíochta ann sa tsaoráid agus déanann siad anailísí de réir mar a cheanglaítear le reachtaíocht.

Is iad seo a leanas na príomhréimsí gníomhaíochta:

1 Faireachán ar cháilíocht uisce óil
2 Faireachán ar chóireáil dramhuisce uirbigh
3 Faireachán ar dhobharcheantair
4 Faireachán ar uisce lochanna
5 Faireachán ar thionscail atá ceadúnaithe chun sceitheadh a dhéanamh faoi na hAchtanna um Thruailliú Uisce.
6 Faireachán ar líonadh talaimh
7 Faireachán ar Cháilíocht Uisce Snámha
8 Suirbhéireachtaí Feirme
9 Anailís ar imscrúduithe faoi thruailliú

 

Reachtaíocht Chomhshaoil

 



Uisce Óil – Reachtaíocht a bhaineann le Cáilíocht Uisce

• I.R. Uimh. 294 de 1989, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cáilíocht Uisce Dromchla a mbeartaítear Uisce Óil a Tharraingt As) 1989.


• An tAcht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2) 2013.


• Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) 2014, I.R. Uimh. 122 de 2014

 

Níotráití & Fosfar

 


• I.R. Uimh. 258 de 1998, Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 (Caighdeáin Cháilíochta Uisce d’Fhosfar) 1998.


• Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) 2014, I.R. Uimh. 31 de 2014.



Truailliú Uisce – Reachtaíocht a bhaineann le Rialú Sceití

 


• I.R. Uimh. 42 de 1999, Na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce)(Leasú) 1999


• I.R. Uimh. 42 de 1999, Na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce)(Leasú) 1999


• I.R. Uimh. 184 de 1996, Na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce)(Leasú) 1996.


• Acht Uimh. 21 de 1990, An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce)(Leasú) 1990.


• Acht Uimh. 1 de 1977, An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977.

 


Cóireáil Dramhuisce Uirbigh – Reachtaíocht a bhaineann le Rialú Sceití


• An tAcht um Sheirbhísí Uisce 2007


• I.R. Uimh. 254 de 2001, Na Rialacháin um Chóireáil Dramh-Uisce Uirbigh 2001


• I.R. Uimh. 267 de 2001, Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Sludach Séarachais a Úsáid sa Talmhaíocht) (Leasú) 2001.


• I.R. Uimh. 148 de 1998, Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Sludach Séarachais a Úsáid sa Talmhaíocht) 1998.


• Acht 10 de 1996, an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996.

 


Uiscí Salmainide agus Iascach – Reachtaíocht a bhaineann le Cáilíocht Uisce


• Na Rialacháin um Chuspóirí Comhshaoil na gComhphobal Eorpach Dromchla) 2009, I.R. Uimh. 272 de 2009


• I.R. Uimh. 23 de 1997, an tAcht Iascaigh (Leasú) 1997.


• I.R. Uimh. 293 de 1988, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cáilíocht Uiscí Salmainide) 1988.


• I.R. Uimh. 14 de 1959, an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú) 1959.

 


Reachtaíocht a bhaineann le Cáilíocht Uisce

 


• Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Úsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí) 2012, I.R. Uimh 155 de 2012


• Na Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha 2008, I.R. Uimh. 79 de 2008.


• Na Rialacháin um Chuspóirí Comhshaoil na gComhphobal Eorpach (Screamhuisce) 2010, I.R. Uimh. 9 de 2010.


• I.R. Uimh. 722 de 2003, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Beartas Uisce) 2003.


• Rinneadh Creat-Treoir an AE maidir le hUisce a thrasuíomh isteach i nDlí na hÉireann trí I.R. Uimh. 722 de 2003 a rith agus, leis na rialacháin sin, bunaítear creat nua a bhaineann le bainistiú agus cosaint cáilíochta uisce in Éirinn agus sin a dhéanamh faoi threoir ceantair abhantraí.

 


Reachtaíocht eile a bhaineann le Cáilíocht Uisce



• Acht 37 de 2001, an tAcht Rialtais Áitiúil 2001

.
• Acht 30 de 2000, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000.


• Acht 7 de 1992, an tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992


• Acht 27 de 2003, an tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003

 


Dabhcha Séarachais

 

• Na Rialacháin um na hAchtanna um Sheirbhísí Uisce 2007 agus 2012 (Córais Cóireála Dramhuisce Tí) 2012, I.R. Uimh. 223 de 2012.


• Na Rialacháin fán Acht um Sheirbhísí Uisce 2007 (Cigirí a Cheapadh) 2013, I.R. Uimh. 190 de 2013.

 


Aer

 

• Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Suiteálacha agus Gníomhaíochtaí ina nÚsáidtear Tuaslagóirí Orgánacha) 2012, I.R. Uimh. 565 de 2012.


• Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Péinteanna, Vearnaisí, Táirgí agus Gníomhaíochtaí Athbhailchríochnaithe Feithicle) 2012, I.R. Uimh. 564 de 2012.


• Na Rialacháin fán Acht um Thruailliú Aeir 1987 (Breoslaí a Mhargú, a Dhíol agus a Dháileadh)(Leasú) 2011, I.R. Uimh. 270 de 2011.


• Na Rialacháin fán Acht um Thruailliú Aeir 1987 (Breoslaí Sonraithe a Mhargú, a Dhíol, a Dháileadh agus a Dhó) 2012, I.R. Uimh. 326 de 2012.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO