Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht - Environment > Plean Dramhaíola

Plean Bainistíochta Dramhaíola

Réigiún Dramhaíola Chonnacht-Uladh

 

 

An Plean Bainistíochta Dramhaíola

 

Doiciméid pleanála reachtúla is ea iad na pleananna bainistíochta dramhaíola in Éirinn agus is é is cuspóir dóibh ná creat a leagan amach chun cosc agus bainistíocht a dhéanamh ar dhramhaíl i leith limistéar réigiúnach sainithe.  Is freagracht reachtúil de chuid údarás áitiúil í ullmhú na bpleananna dramhaíola agus thig le dhá údarás áitiúla nó níos mó plean dramhaíola a ullmhú i gcomhpháirt lena chéile. Tar éis plean a ullmhú, bíonn sé bailí go ceann tréimhse suas go 6 bliana agus, de réir na n-oibleagáidí reachtúla a bhaineann leis, ní mór é a athbhreithniú uair amháin i ngach tréimhse 6 bliana.

 

Sa ráiteas is déanaí faoi bheartas dramhaíola atá eisithe ag Éirinn, moladh comhdhlúthú a dhéanamh ar líon na réigiún bainistíochta dramhaíola, is é sin le rá, trí réigiún a bheith ann in ionad deich gcinn. Rinneadh an moladh sin i gcomhréir leis an chlár náisiúnta athchóirithe socruithe rialtais áitiúil agus chun leas a bhaint as na tairbhí a sainaithníodh a bheadh ann mar thoradh ar réasúnú na réigiún a mhéid a bhaineann le hacmhainní údarás áitiúil a chomhchruinniú.

 

Tá cur síos ar an ábhar atá le bheith ann sa phlean bainistíochta dramhaíola le fáil sa reacht dar teideal an tAcht um Bainistiú Dramhaíola agus in ionstraim reachtúil shonrach dar teideal na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pleanáil) 1997 (arna leasú).

 

Le linn an plean seo a ullmhú, rinne na húdaráis áitiúla breithniú ar a gcuid oibleagáidí reachtúla iomchuí agus ar dhoiciméad treorach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le pleananna dramhaíola agus d’athbhreithnigh siad na moltaí iomchuí atá ann i ndoiciméid iomchuí a bhaineann le pleanáil straitéiseach.

 

An Oifig Réigiúnach Bainistíochta Dramhaíola

 

Mar thoradh ar athchumrú na Réigiún Dramhaíola, agus tar éis próiseas a d’éascaigh Cumann na mBainisteoirí Cathrach agus Contae, roghnaíodh Comhairle Chontae Mhaigh Eo mar an Údarás Ceannais do Réigiún Chonnacht-Uladh. Cuimsíonn an réigiún sin na limistéir údaráis áitiúil seo a leanas: Comhairle Chontae an Chabháin, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae Liatroma, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Comhairle Chontae Mhuineacháin, Comhairle Chontae Ros Comáin agus Comhairle Chontae Shligigh.

 

Ina cáil mar Údarás Ceannais do Réigiún Dramhaíola Chonnacht-Uladh, cuimsíonn freagrachtaí Chomhairle Chontae Mhaigh Eo ullmhú Phlean Bainistíochta Dramhaíola Réigiún Chonnacht-Uladh a foilsíodh i mí Bhealtaine 2015, comhordú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean thar ré an phlean, is é sin, an tréimhse 2015-2021, agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean nua.

 

Chun an Plean Réigiúnach Dramhaíola a chur i bhfeidhm agus chun comhordú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean, tá Oifig Bainistíochta Dramhaíola Réigiún Chonnacht-Uladh curtha ar bun ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus í lonnaithe in Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo. Mar fhoireann san Oifig sin, tá Comhordaitheoir Dramhaíola Réigiúnach ann, mar aon le foireann tacaíochta teicniúla agus riaracháin www.curwmo.ie.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO