Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht - Environment > Sábháilteacht Uisce

Sábháilteacht Uisce

Cuireann Comhairle Chontae Dhún na nGall feasacht ar shábháilteacht uisce chun cinn trí pháirt a ghlacadh i gCoiste Sábháilteachta Uisce Dhún na nGall agus trína chaidreamh le Sábháilteacht Uisce na hÉireann. Ós rud é go bhfuil os cionn 1000km de chósta ann, chomh maith le lear mór aibhneacha agus lochanna, tá tábhacht ar leith ag sábháilteacht uisce i nDún na nGall.

Comhairle faoi Shnámh i rith thréimhse na Nollag agus na Bliana Úire

Tá cuid mhór áiteanna snámha ann ar fud an chontae a mbíonn líon méadaitheach snámhaithe agus siúlóirí, agus daoine a bhíonn páirteach o spóirt uisce, ag tarraingt orthu. Is ar na daoine a úsáideann na tránna atá an fhreagracht i leith sábháilteacht uisce ach fostaíonn Comhairle Chontae Dhún na nGall gardaí tarrthála cáilithe i rith mhíonna an tsamhraidh chun faireachán a dhéanamh ar chuid de na tránna is gnóthaí agus is mó a bhfuil tóir orthu. Soláthraítear seirbhís garda tarrthála ag na tránna seo a leanas: Bun Dobhráin, Ros Neamhlach, Murbhach, Fionntrá Mhór, An Fhearthainn, An Charraig Fhinn, Trá na Cille, Marble Hill, Na Dúnaibh, Port an tSalainn, Ráth Maoláin, Lios Feannáin, An tSrúibh agus Cúil Dabhcha.                                                             

 

I rith mhíonna an tsamhraidh, eagraíonn Coiste Sábháilteachta Uisce Dhún na nGall Ranganna Sábháilteachta Uisce a thugann deis do pháistí snámh a fhoghaim, cúrsaí sábhailteachta agus tarrthála a dhéanamh agus, sa deireadh, oiliúint a fháil a chumasóidh dóibh a bheith ina ngardaí tarrthála agus ina dteagascóirí.

Bhronn Sábháilteacht Uisce na hÉireann Gradam Charles Thompson Charles Thompson Award ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall mar gheall ar an méid a rinne sí maidir le Sábháilteacht Uisce sa bhliain 2014. Is comórtas é sin a eagraítear i measc na nÚdarás Áitiúil uilig sa 32 chontae.



Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shábháilteacht uisce cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig [email protected].

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO