Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > An truailliú a rialú > Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

 

Cén uair atá sé ceadaithe d’fheirmeoirí sciodar a leathadh ar an talamh?

 

I nDún na nGall, tá cead ag feirmeoirí sciodar a leathadh ar an talamh idir an 1 Feabhra agus an 15 Deireadh Fómhair gach bliain.

 

 

Conas is féidir liom tástáil a fháil ar an uisce i dtobar?

 

Cuireann Rannóg Sláinte Comhshaoil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Teil: 074 93 63754) seirbhís tástála uisce ar fáil. Mar mhalairt air sin, tá roinnt cuideachtaí príobháideacha ann a dhéanann tástáil ar uisce tobair agus is féidir mionsonraí teagmhála ina leith sin a aimsiú sna Leathanaigh Órga faoin cheannteideal ‘Cóireáil Uisce’ (Water Treatment).

 




Cé leis/léi a ndéanfaidh mé teagmháil má fheicim truailliú i sruthán/in abhainn?

 

Thig leat teagmháil a dhéanamh le Comhairle Chintae Dhún na nGall agus leis an Bhord Iascaigh maidir le truailliú in abhainn. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Gníomhaireacht na Lochanna maidir le habhantrach na Finne-an Fheabhail agus is féidir teagmháil a dhéanamh le hIascach Intíre Éireann maidir leis na haibhneacha eile atá ann sa chontae.

 

 


Conas a thuairiscím truailliú o thorann?

 

Tabhair cuairt ar an roinn dar teideal Truailliú ó Thorann chun faisnéis a fháil faoi conas gearán a dhéanamh faoi thruailliú ó thorann.

 

 

Conas a thuairiscím truailliú aeir?

 

Déan teagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall más mian leat gearán a dhéanamh maidir le truailliú aeir.

 

 


Cé leis/léi a ndéanfaidh mé teagmháil má tá fadhb maidir le deannach nó uisce ann i gcairéal?

 

Déan teagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall.

 

 


Cé leis/léi a ndéanfaidh mé teagmháil faoi cheist atá agam faoin soláthar uisce óil?

 

Déan teagmháil le hUisce Éireann.

 

 

Cad é is cúis le dath bainniúil in uisce?

 

Is é is cúis le dath bainniúil ná méid méadaithe aeir san uisce. Líon gloine le huisce agus lig dó socrú. Éireoidh an t-uisce glan ón bhun aníos de réir mar a imíonn an t-aer amach as an uisce.

 

 

Conas dabhach shéarachais a fholmhú?

 

Déan teagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall chun liosta na mBailitheoirí Dramhaíola i do cheantar a fháil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO