Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Eolas do Thionscal na Dramhaíola > Ceadúnú Dramhaíola

Ceadanna Dramhaíola

Tá faisnéis faoi na nithe seo a leanas ann sa chuid seo:

 

 

 

Bailiú Dramhaíola i nDún na nGall

 

Tá roinnt bailitheoirí ceadaithe dramhaíola ann i nDún na nGall agus cuireann siad sin seirbhís bhailithe dramhaíola teaghlaigh ar fáil. Thig leat a fháil amach cé hiad na bailitheoirí ceadaithe dramhaíola trí chuairt a thabhairt ar an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola nó trí theagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rialála Dramhaíola Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

 

Is iad na bailitheoirí ceadaithe, agus iad sin amháin, atá in ann oibriú sa Chontae. Ní mór an dramhaíl ar fad a bhailítear a dhiúscairt i saoráid cheadúnaithe agus ionchúiseofar aon duine a aimseofar agus é/í i mbun dramhaíl a dhiúscairt go mídhleathach.

 

Más gnó nó sealbhóir tí thú, iarrtar ort a chuimhneamh nach féidir leat do chuid dramhaíola a thabhairt do dhuine ar bith seachas sealbhóir ceada bailithe dramhaíola. Más rud é go dtugann tú do dhuine seachas sealbhóir ceada í, tá tú ciontach i gcion faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996.

 

 

Iarratas a dhéanamh ar Chead Bailithe Dramhaíola

 

Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola (NWCPO) ar Chead Bailithe Dramhaíola agus ar Athbhreithniú ar Chead Bailithe Dramhaíola.

 

Tá an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola (NWCPO) lonnaithe i gComhairle Chontae Uíbh Fhailí, Áras an Chontae, Bóthar Bhaile an Bhóthair, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, Teil 057 9357428. Thig leat teagmháil a dhéanamh leis an NWCPO fosta trína láithreán gréasáin www.nwcpo.ie, áit inar féidir leat ainmneacha, seoltaí agus uimhreacha teagmhála bailitheoirí dramhaíola i gContae Dhún na nGall a chuardach.

 

 

Iarratas a dhéanamh ar Chead Saoráide Dramhaíola nó ar Dheimhniú Clárúcháin

 

Tá freagracht ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall i leith saoráidí dramhaíola áirithe a cheadúnú faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead agus Ceadúnú Saoráide) 2007, arna leasú, rud a dhéantar trí Chead Saoráide Dramhaíola nó Deimhniú Clárúcháin Saoráide Dramhaíola a eisiúint.

Seo a leanas na foirmeacha iarratais agus na doiciméid tacaíochta iomchuí atá ag teastáil.

 

 

Tá liosta de na Sealbhóirí Údaraithe Ceada Saoráide Dramhaíola go léir ar fáil ar an láithreán gréasáin seo, chomh maith le cur síos ar an áitreabh ar leithligh atá i gceist, agus suíomh agus uimhir ghutháin an áitribh sin.



Tá freagracht ar an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil i leith cheadúnú na saoráidí dramhaíola is mó de chuid an Stáit a dhéileálann leis an gcineál dramhaíola is guaisí dá bhfuil ann agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag 053 9160600 nó trína láithreán gréasáin ag http://www.epa.ie/

 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rialála Dramhaíola Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

 

 

Dramhaíl a Bhogadh

 

Dramhaíl a bhogadh isteach in Éirinn agus amach aisti

 

Is é an Oifig Náisiúnta um Loingsiú Trasteorann Dramhaíola, atá lonnaithe i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, a cheadúnaíonn bogadh dramhaíola isteach in Éirinn agus amach aisti agus déantar sin faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Loingsiú ar Dhramhaíl) 2007. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta um Loingsiú Trasteorann Dramhaíola NTFSO  ag 01-2224235.

 

Sealbhóirí údaraithe Ceada Bailithe Dramhaíola amháin atá in ann dramhaíl a iompar agus, má dhéantar an t-iompar trasna teorainneacha idirnáisiúnta, sealbhóirí ar Déileálaithe agus Bróicéirí atá cláraithe leis an NTFSO iad, agus iad sin amháin, atá in ann an t-iompar a dhéanamh.

 

Is é atá sa chur síos a dhéantar ar dhramhaíl den sórt sin ná ‘dramhaíl atá liostaithe mar dhramhaíl ghlas’ nó ‘dramhaíl atá liostaithe mar dhramhaíl ómra’, agus sin ag brath ar an chineál dramhaíola atá i gceist. I gcás dramhaíola atá liostaithe mar dhramhaíl ómra, ní mór toiliú réamhfhógartha ón NTFSO a bheith ann ina leith i gcónaí agus, i gcás dramhaíola atá liostaithe mar dhramhaíl ghlas, ní gá an toiliú sin a bheith ann ach ní mór, ar a laghad, Nóta Coinsíneachta Iarscríbhinn VII a bheith in éineacht léi i gcónaí.

 

 

Dramhaíl Ghuaiseach a Bhogadh laistigh de Phoblacht na hÉireann

 

Is é an Oifig Náisiúnta um Loingsiú Trasteorann Dramhaíola, atá lonnaithe i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, a rialálann bogadh na dramhaíola seo laistigh de Stát na hÉireann agus déantar sin faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Loingsiú ar Dhramhaíl Ghuaiseach laistigh d’Éirinn Amháin) 2011.

 

Sealbhóirí údaraithe Ceada Bailithe Dramhaíola amháin atá in ann dramhaíl ghuaiseach a bhogadh laistigh d’Éirinn agus sin a dhéanamh de réir toiliú réamhfhógartha atá deonaithe ag an NTFSO..

 

 

Ceadúnú Dramhaíola i nDlínsí eile

 

Tuaisceart Éireann

 

Northern Ireland Environment Agency NIEA; chun faisnéis a fháil faoina socruithe coibhéiseacha rialála agus forfheidhmiúcháin atá acu maidir le Cead Bailithe Dramhaíola, Cead Saoráide Dramhaíola agus Loingsiú Trasteorann Dramhaíola, déan teagmháil le http://www.doeni.gov.uk/ nó glaoigh ar 0044845302008.

 

Albain

 

Scottish Environmental Protection Agency, SEPA; chun faisnéis a fháil faoina socruithe coibhéiseacha rialála agus forfheidhmiúcháin atá acu maidir le Cead Bailithe Dramhaíola, Cead Saoráide Dramhaíola agus Loingsiú Trasteorann Dramhaíola, déan teagmháil le www.sepa.org.uk nó glaoigh ar 004478645770.

 

Sasana agus an Bhreatain Bheag

 

Chun faisnéis a fháil faoina socruithe coibhéiseacha rialála agus forfheidhmiúcháin atá acu maidir le Cead Bailithe Dramhaíola, Cead Saoráide Dramhaíola agus Loingsiú Trasteorann Dramhaíola, déan teagmháil le  www.environment-agency.gov.uk nó glaoigh ar 00441709389201.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO