Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Eolas fá choinne Gnólachtaí > Athchúrsáil Bonn

Boinn a Athchúrsáil

Ón bhliain 2006 tá cosc iomlan ar bhoinn iomlána ná boinn stialla a chur chuig láithreán líonta talún.

 

In 2008, tháinig na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Boinn agus Dramh-Bhoinn) i bhfeidhm, agus tacaíonn siad le bainistiú siosmaideach dramh-bhonn ó thaobh na timpeallachta de.

 

Leagann siad amach dhá rogha d’oibritheoirí eacnamúla lena gcomhlíontacht a chur i bhfeidhm. Caithfidh siad siúd a bhfuil dualgais orthu:

 

  • Clárú le Repak ELT,  an t-aon scéim comhlÍontachta amháin atá ceadaithe faoi Rialacháin 2007 nó,

 

  • Féin-Chomhlíonadh a dhéanamh trí chlárú lena nÚdarás Áitiúil. Gabh chuig Repak ELT fá choinne tuilleadh eolais maidir le clárú leis an scéim comhlíontachta.

 

  • Chun féinchomhlíonadh a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall, déan teagmháil leis an Oifigeach Rialacháin Dramhaíola.

 

Dualgais Táirgeoirí agus Soláthróirí

  • Ní mór do dhéantúsóirí, atrachtóirí boinn, athmhúnlóirí, agus iompórtálaithe sonraí a chur ar fáil faoin líon bonn a chuireann siad isteach sa mhargadh.

 

  • Tá dualgas ar mhórdhíoltóirí agus ar mhiondíoltóirí dramh-bhoinn a aistriú go dtí bailitheoirí dramhaíola atá údaraithe agus iad siúd amháin.

 

  • Tá dualgas ar mhórdhíoltóirí agus ar mhiondíoltóirí sonraí a thabhairt faoi bhoinn a díoladh agus faoi dhramh-bhoinn a glacadh ar ais agus a aistríodh chuig bailitheoirí údaraithe dramhaíola.

 

  • Bailitheoirí údaraithe dramhaíola a bhailíonn boinn, ní mór dóibh clárú lena nÚdarás Áitiúil ó mhí Feabhra 2008. Tá dualgas orthu tuairisc a thabhairt faoin líon dramh-bhonn atá bailithe acu agus atá aistrithe chuig tríú páirtithe, ar a n-áirítear feirmeoirí, lucht athchúrsála, atráchtóirí boinn, athmhúnlóirí, agus áiseanna eile a ghlacann le boinn lena n-athchúrsáil. 

 

Ní mór d’oibreoirí aisghabhála ‘Teastais Aisghabhála’ a eisiúint chuig bailitheoirí údaraithe dramhaíola a fhágann dramh-bhoinn acu.  

 

Feirmeoirí

 

Tá soláthar déanta sna Rialacháin chun cead a thabhairt d’fheirmeoir a bhfuil dramh-bhoinn de dhíth air, chun cumhdach sadhlais a choinneáil in áit, suas le hocht gcinn de dhramh-bhoinn a stóráil le haghaidh gach méadar cearnógach d’achar urláir an phoill sadhlais, gan gá le ceadúnas dramhaíola a fháil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO