Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Eolas fá choinne Gnólachtaí > Táille ar Mhálaí Plaisteacha

Táille ar Mhálaí Plaisteacha

Is é is cuspóir leis an táille ná úsáid málaí plaisteacha aon-uaire a laghdú trí thionchar a imirt ar iompar tomhaltóirí.  22 cent an mála an costas atá ar an táille ar mhálaí plaisteacha faoi láthair.  Bhí tionchar ar an toirt ag an táille, agus laghdaíodh an líon daoine a bhí ag úsáid na málaí ó 328 mála in aghaidh an duine go dtí 21 mála in aghaidh an duine.

 

An t-airgead a bhailítear tugtar don Chiste Comhshaoil é agus úsáidtear é le tograí Bruscair, Bainistiú Dramhaíola agus tograí timpeallachta eile a chistiú.

 

Níl aon Táille ar na málaí seo a leanas -

 

Málaí beaga a úsáidtear le feoil úr, iasc nó circeoil a choinneáil, FIÚ MÁ TÁ SIAD I BPACÁISTIÚ EILE CHEANA FÉIN,

 

Málaí beaga a úsáidtear le torthaí scaoilte, cnónna, milseáin, glasraí, bia cócaireáilte te nó fuar a choinneáil, A FHAD IS NACH BHFUIL PACÁISTIÚ EILE AR NA hEARRAÍ SEO CHEANA FÉIN,

 

Málaí a thugtar amach in áiteanna saor ó dhleacht - málaí inathúsáidte a dhíoltar ar chostas 70 cent nó níos mó.

 

Leis an táille a sheachaint, níl le déanamh agat ach málaí plaisteacha a athúsáid, málaí saoil a úsáid nó málaí nó boscaí inathúsáidte eile a úsáid.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO