Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Iasachtaí Tithíochta > Iasacht Atógála

Iasacht Atógála

Tá iasachtaí ar fáil faoi láthair le haghaidh tithe a atógáil, a dheisiú agus a fheabhsú d’iarratasóirí a chomhlíonann na teorainneacha ioncaim de réir mar atá leagtha síos ag an Roinn Comhshaoil.  Ní foláir nó go mbeidh an Chomhairle sásta go bhfuil na nithe a leanas fíor:

 

  • Tar éis chur i gcrích na n-oibreacha arna moladh, beidh an teach réidh mar áit chónaithe ar gach slí,
  • Tá an teach oiriúnach le haghaidh atógála, deisithe agus feabhsaithe de réir mar is gá,
  • Tá na hoibreacha arna moladh ríthábhachtach le haghaidh cóiríocht tithíochta chuí a chur ar fáil.

 

Tabhair faoi deara go bhfuil sé riachtanach go mbeadh aon iarratasóir ar a laghad níos óige ná 55 bliana d’aois. (Mura bhfuil tú incháilithe ar an chúis sin, ní dhéanfaidh an Chomhairle d’iarratas a mheas ach amháin dá mbeadh duine atá níos óige ná 55 bliana d’aois toilteanach comhiarratas a chur isteach i gcomhpháirt leat).

 

Teorainn Ioncaim: I gcás teaghlach lena mbaineann dhá ioncam feidhmítear foirmle dar luach ioncam an phríomhshaothraí faoi 2½, móide an t-ioncam eile. Ní féidir le toradh na foirmle sin a bheith níos mó ná €100,000.00 chun críocha cáilithe. Bíonn teorainn €40,000.00 i bhfeidhm nuair nach bhfuil ann ach aon saothraí amháin.

 

Méid:

 

  1. Ní féidir le níos mó ná €38,000 a bheith in iasacht (€50,000 i gcás Oileáin amach ón gcósta) nó 75% den mhéid a luafaí leis an teach go réasúnta i dtuairim na Comhairle dá ndíolfaí é ar an mhargadh oscailte tar éis chur i gcrích na n-oibreacha arna moladh, cé acu ceann atá níos lú.
  2. Ní féidir le níos mó ná 90% de chostas measta na n-oibreacha atógála, deisithe nó feabhsaithe a bheith in iasacht, .i. an t-ollchostas measta agus tar éis luach na ndeontas atá iníoctha maidir leis na hoibreacha feabhsúcháin a asbhaint.

 

Ráta Úis: Baineann ráta úis athraitheach leis na hIasachtaí Atógála.

 

Tréimhse Aisíocaíochta: Ní bheidh níos mó ná 15 bliana san uastréimhse aisíocaíochta.

 

Teideal: Ní foláir nó go mbeidh an teideal ar úinéireacht tí comhionann le ceann a bheadh inghlactha do ghnáthmhorgáistí, m.sh. Feo simplí, Feofheirm, léasacht nach lú ná 60 bliana gan a bheith caite.

 

Conas is féidir liom iarratas a chur isteach ar Iasacht Atógála?

 

Foirm Iarratais ar Iasacht Tithíochta atá ina foirm chaighdeánach, ar fáil maidir leis na hIasachtaí móra uile lena n-áirítear an Iasacht Atógála.  Tá seicliosta san Fhoirm Iarratais, nach mór é a chur isteach leis an iarratas.  Sa chás go gcuirtear iarratas isteach gan an fhaisnéis sin san áireamh, cuirfear ar ais é chuig an iarratasóir agus an fhaisnéis ar iarraidh á lorg.