Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Roghanna Tithíocht Shóisialta > Ag cur isteach ar thithíocht údaráis áitiúil

Iarratas Tithíochta chuig Comhairle Contae Dhún na nGall

 

Cé a thig iarratas a dhéanamh ar theach ó Chomhairle Contae Dhún na nGall?

 

Thig leat iarratas a dhéanamh ar theach ó Chomhairle Contae Dhún na nGall má tá teach de dhíth ort agus mura bhfuil tú in ann íoc as ó do chuid acmhainní féin. Agus d'iarratas á mheas, cuirfidh an Chomhairle rudaí éagsúla san áireamh ar nós méid an teaghlaigh, ioncam an teaghlaigh, d'áit chónaithe san am i láthair (más ann dó), an bhail atá ar an áit chónaithe sin, agus má tá aon chúinsí speisialta i gceist, mar shampla aois, míchumas, cúinsí leighis etc.

 

Cén dóigh a ndéantar tithe a dháileadh?

 

Déantar tithe a dháileadh ar iarratasóirí de réir Scéim Dáilte Tithíochta na Comhairle in ord tosaíochta, ag cur na gcúinsí ar fad san áireamh.  Is é is cuspóir leis an scéim seo dóigh a chur ar fáil chun iarratasóirí a chur in ord de réir tosaíochta le haghaidh atithíochta nuair a bhíonn tithe de chuid na Comhairle á ndáileadh ar dhaoine a bhfuil a riachtanas cruthaithe cheana féin trí iad a bheith san áireamh sa Mheasúnú Tithíochta is déanaí, nó má ghlacann an Chomhairle gur chóir iad a chur san áireamh sa chéad mheasúnú eile de réir an pholasaí atá aontaithe acu. Tá soláthar sa scéim seo le haghaidh ligint ar bhonn rogha, modh is féidir a úsáid amach anseo chun sealúchais a dháileadh.  

 

Cad é mar a dhéanaim iarratas?

 

Le hiarratas a dhéanamh ar chabhair tithíochta ba chóir duit An Fhoirm Iarratais ar Chabhair Tithíochta a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais chuig d'Ionad Seirbhísí Poiblí go háitiúil.

Fá choinne tuilleadh eolais

 

Cuir ríomhphost chuig [email protected] agus do cheist istigh ann.