Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Tionóntaí Chomhairle Contae Dhún na nGall > Measúnú Cíosa

Measúnú Cíosa

 

Conas a dhéantar mo chíos a oibriú amach?

 

Ríomhtar cíosanna tithíochta de réir na Scéime Cíosanna Difreálacha, mar chion d’ioncam inmheasta an phríomhshaothraí i dteannta le ranníocaíocht ó shaothraí cúnta ar bith atá sa teaghlach.

 

Asbhaintear liúntas do leanaí spleácha ón chíos seachtainiúil. Bíonn cíosanna do thionóntaí atá ann cheana bunaithe ar ioncam deimhnithe an 1ú seachtain i mí Eanáir na bliana ina ndéantar an t-athbhreithniú.

 

Le haghaidh cíos a chinneadh i gcás tionóntacht nua nó aistrithe, cinnfear ioncam inmheasta trí thagairt do staid ioncaim an teaghlaigh de réir dháta tosaigh na tionóntachta.

 

Déantar cíosanna do thionóntaí atá ann cheana a athbhreithniú go bliantúil agus feidhmítear an cíos athbhreithnithe ón 1ú seachtain i mí Aibreáin.  Ba cheart athrú ar bith ar ioncam (méadú nó laghdú) a fhógairt do Rannóg Tithíochta na Comhairle ar an ghuthán nó trí bhualadh isteach chuig an Ionad Seirbhísí Poiblí áitiúil, láithreach.

 

Treoir Bheartais maidir le Scéimeanna Cíosa Údarás Áitiúil

 

 

Conas is féidir liom mo chíos a íoc?

 

Is beartas de chuid na Comhairle é raon modhanna íocaíochta chomh leathan agus is féidir a chur ar fáil dá tionóntaí. Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh faoi láthair trí na modhanna a leanas:

 

  • An Scéim Bhuiséid do Theaghlaigh (le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le [email protected])
  • Seirbhís Íoc Bille atá ar fáil ag na hOifigí Poist go léir agus ag asraonta roghnaithe (trí chárta svaidhpeála a úsáid ar féidir leis an Chomhairle é a chur ar fáil
  • Ordú Seasta Bainc/ Dochar Díreach / Aistriú Creidmheasa
  • Asbhaint Phá (d’fhostaithe na Comhairle)
  • Go pearsanta ag Deasc Airgid an Ionaid Seirbhísí Poiblí
  • Sa phost (ní féidir airgead tirim a sheoladh tríd an phost). Ba cheart go mbeadh Seiceanna, Orduithe Poist, srl iníoctha le Comhairle Contae Dhún na nGall agus iad crosáilte mar “Cuntas an Íocaí amháin”

 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO