Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Uisce > Caomhnú Uisce

Caomhnaigh Uisce

 

“Bí Críonna le hUisce”

Dálta gach acmhainn nádúrtha, níl soláthar uisce gan deireadh againn. Tá sé fíorthábhachtach i rith mhíonna an tsamhraidh go ndéanfaidh muid ár seacht ndícheall uisce a chaomhnú.


Le linn tréimhsí tirime sa tsamhradh, eisíonn Comhairle Contae Dhún na nGall Fógraí Caomhnaithe Uisce, ag iarraidh ar gach custaiméir sa chontae gearradh siar ar úsáid an uisce sa dóigh is gur ar chúiseanna riachtanacha amháin atá uisce á úsáid acu. Bíonn brú mór ar an tsoláthar uisce mar gheall ar thréimhsí tirime sa tsamhradh agus an méadú séasúrach ar an éileamh. Lena chinntiú go mbeidh soláthar leanúnach bunúsach ar fáil do gach ceantar, ba chóir gan carranna a ní ná gairdíní a uisciú. 

 

Iarrtar ar fheirmeoirí a gcuid trachanna uisce a sheiceáil lena chinntiú nach bhfuil na snámhbhuacairí briste de bharr ardléibhéil úsáide ag eallaigh, agus nach bhfuil na trachanna ag cur thar maoil dá bharr sin. 

 

Iarrtar ar Chlubanna Gailf agus ar chlubanna peile gan an soláthar uisce poiblí a úsáid le faichí / páirceanna a uisciú.

 


Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir go mbeidh gá le srian a chur ar an tsoláthar uisce in aon cheantar ó am go ham ar mhaithe le caomhnú uisce. Cuirfear fógraí ar fáil i dtaca le srianta nó laghdú ar an tsoláthar uisce ar shuíomh idirlín na Comhairle ar bhonn leanúnach.

 


Cuideoidh gach laghdú úsáide, is cuma cé chomh beag, le soláthair uisce a chothabháil agus tá muid buíoch as do chomhoibriú.

 

Bearta Caomhantais a thig leat a dhéanamh sa bhaile

 

  • Ná fág buacaire ag sileadh gan fáth
  • Ná líon an folcadán go barr - agus más féidir é, bíodh cithfholcadh agat. Thig le folcadh deich n-uaire níos mó uisce a úsáid ná cithfholcadh.
  • Tiontaigh as an buacaire nuair atá tú ag ní do chuid fiacla (sábháil sual le 10 lítear!)
  • Cuir an pluga isteach sa bháisín nuair atá tú ag ní d'aghaidh agus do lámha.
  • Líon d'inneall níocháin le lód iomlán - mar an gcéanna le do mhiasniteoir.
  • Ná nigh soithí choíche faoi bhuacaire atá ag rith - bain úsáid as pluga nó as mias.
  • Cóirigh sceitheadh ar bith nó buacaire atá ag sileadh uisce láithreach - thig le buacaire silteach suas go dtí 91 lítear a chur amú sa lá.
  • Déan umar an uisce the agus píopaí an uisce the a insliú.
  • Bí faichilleach leis an phíobán uisce sin! - úsáid buicéad uisce nuair atá tú ag ní do chairr.
  • Ná cuir uisce ar an léana ach amháin nuair atá a leithéid de dhíth. Ná bí ag cur uisce amú ar na ballaí agus ar na cosáin ach an oiread!
  • Ná cuir uisce ar an léana choíche nuair atá sé gaofar, ag cur fearthainne nó nuair atá an lá iontach te.

 

Cad é eile a thig liom a dhéanamh?

 

  • Cuir buidéal plaisteach nó damba i sistéal an leithris. De ghnáth úsáideann an leithreas 9-14 lítear gach am a shruthlaítear é. Má chuirtear buidéal plaisteach nó damba isteach sa sistéal, sábháiltear cúpla lítear in aghaidh an lae.
  • Bain úsáid as aerthóir ar an bhuacaire. Is ceangaltáin shimplí iad seo atá furasta a shuiteáil agus táirgeann siad sruth bog d'uisce súilíneach. Thig le haerthóirí úsáid uisce a laghdú 50%.
  • Cuir isteach ceann íseal-sruthach ar chithfholcadán - Laghdaíonn ceann íseal-sruthach ar chithfhocladán úsáid an uisce suas le 50% nó níos mó.
  • Déan cinnte go bhfuil soc scoite ar do phíobán uisce. Níor chóir an píobán a fhágáil ar siúl gan fáth. Sciordann thar 20 lítear sa bhomaite as píobáin gan soc. Deanfaidh soc, nach bhfuil costasach, ar shiúl leis an chur amú.

 

Fá choinne tuilleadh leideanna agus eolais  ar chaomhnú uisce féach ar www.taptips.ie

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO