Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2022 > Dungloe Regeneration Strategy

05/04/02022 - Draft Dungloe Regeneration Strategy Public Consultation

Dungloe Regeneration Strategy image

 

Donegal County Council’s Regeneration & Development Team in collaboration with GM Design is pleased to announce the opening of public consultation to hear the views of the community on the Draft an Clochán Liath (Dungloe) Regeneration Strategy & Action Plan. The Draft Regeneration Strategy & Action Plan will be on public display from today Tuesday 5th April until Tuesday 2nd May 2022 and the public are invited to have their say on this exciting and visionary project to re-imagine the future of An Clochán Liath (Dungloe) town centre.

 

Welcoming the publication of the Draft Regeneration Strategy & Action Plan, the Cathaoirleach of the Glenties Municipal District and local Councillor, Maire Therese Gallagher said “I am delighted to see this valuable regeneration focus on my home town and to bring the draft Strategy back to the local community to get more feedback on the Masterplan, actions and concepts that have been included. I would strongly urge everyone to engage with the consultation process over the next 4 weeks in order to ensure that this project is fully informed by the contribution of our community and the opportunity for regeneration which now exists to enhance the special significance of the town and its setting is maximised to its full potential.”

 

The Draft Regeneration Strategy & Action Plan has been prepared by GM Design Associates and builds upon what people said during the earlier stages of consultation and translates the challenges identified and the ideas proposed into an ambitious yet realistic vision. Jonny Stewart of GM Design Associates said, “The people of Dungloe and surrounding area have already played a key role in how the Draft Strategy & Action Plan has been shaped and developed and we would like to thank all those who have taken part so far. We encourage as many people as possible to give their feedback on the Draft Strategy & Action Plan so that we can continue to ensure that it is suitably tailored to the needs and aspirations of the local community, businesses and residents.”

 

Liam Ward, Director of Community Development and Planning Services, added, “the publication of the Draft Regeneration Strategy & Action Plan is a key milestone for Dungloe as it provides a regeneration focused roadmap that will help guide and facilitate the future development of the town centre and will support future applications for funding across the public, private and community sectors.” “The Strategy & Action Plan contains a range of exciting opportunities to enhance Dungloe’s valuable natural assets and unique sense of place that will result in far-reaching environmental, economic and social benefits and will strengthen the capacity of the town to perform competitively as an important Strategic Town”.  

 

Get involved

There are lots of ways to get involved during Tuesday 5th April to Tuesday 2nd May 2022 by:

 

A drop-in public consultation event will take place on Thursday 14th April from 2.00pm to 7.00pm at the currently vacant Shopping Arcade, Main Street, Dungloe so come along and talk to the consultants and have your say! Details of this will be available on the project website and facebook and twitter pages and for any enquiries email here: [email protected]

 

 

 

 

Dréachtleagan de Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta an Chlocháin Léith

 

I gcomhar le GM Design, tá áthas ar Fhoireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil comhairliúchán poiblí ar oscailt anois chun tuairimí an phobail a fháil ar an Dréachtleagan de Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta an Chlocháin Léith. Beidh an Dréachtleagan den Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta ar thaispeáint phoiblí ón Mháirt an 5 Aibreán go dtí an Mháirt an 2 Bealtaine 2022 agus tá cuireadh á thabhairt do dhaoine den phobal a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin tionscadal corraitheach físeach seo a bhfuil mar aidhm leis todhchaí lár Baile an Chlocháin Léith a athshamhlú.

 

Ag fáiltiú di roimh fhoilsiú an Dréachtleagain den Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta, dúirt Máire Therese Gallagher, Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach agus Comhairleoir áitiúil, “Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil an athbheochan luachmhar seo dírithe ar mo bhaile dúchais agus an dréacht-Straitéis seo a thabhairt ar ais don phobal áitiúil chun tuilleadh aiseolais a fháil ar an Mháistirphlean, na gníomhartha agus na coincheapa atá ar áireamh inti. Mholfainn go láidir do gach duine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin seo thar an chéad ceithre seachtaine eile chun a chinntiú go mbeidh an tionscadal bunaithe go hiomlán ar an rannchuidiú ónár bpobal agus go mbainfear an leas is mó is féidir as an deis atá ann anois an Clochán Liath a athbheochan chun cur le tábhacht speisialta an bhaile agus a shuímh.”

 

D’ullmhaigh GM Design Associates an Dréachtleagan den Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta, ina ndéantar forbairt ar na rudaí a chuir daoine in iúl le linn na luathchéimeanna den chomhairliúchán agus ina n-aistrítear na dúshláin a sainaithníodh agus na smaointe a moladh ina bhfís atá uaillmhianach agus réadúil araon. Dúirt Jonny Stewart ó GM Design Associates, “D’imir muintir an Chlocháin Léith agus an limistéir máguaird ról ríthábhachtach cheana féin maidir leis an Dréachtleagan den Straitéis agus Plean Gníomhaíochta a mhúnlú agus a fhorbairt agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa phróiseas go dtí seo. Molann muid don oiread daoine agus is féidir aiseolas a thabhairt dúinn faoin Dréachtleagan den Straitéis agus Plean Gníomhaíochta ionas gur féidir linn leanúint lena chinntiú go bhfuil sé saincheaptha go cuí do na riachtanais agus na huaillmhianta atá ag an phobal áitiúil, ag gnólachtaí áitiúla agus ag cónaitheoirí áitiúla.”

 

Dúirt Liam Ward, Stiúrthóir um Fhorbairt Pobail agus Seirbhísí Pleanála, “Tá foilsiú an Dréachtleagain den Straitéis Athbheochana agus Plean Gníomhaíochta ina chloch mhíle thábhachtach don Chlochán Liath toisc go soláthraítear ann treochlár atá dírithe ar an athbheochan. Leis an treochlár sin, déanfar forbairt an láir baile sa todhchaí a threorú agus a éascú agus tacófar le hiarratais amach anseo ar chistiú ar fud na hearnála poiblí, na hearnála príobháidí agus na hearnála pobail. Cuimsíonn an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta raon deiseanna corraitheacha le haghaidh feabhas a chur ar shócmhainní nádúrtha an Chlocháin Léith agus ar an ómós áite uathúil atá aige. Ar an bhealach sin, bainfear tairbhí forleathana comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta amach agus neartófar an acmhainn atá ag an bhaile chun feidhmiú go hiomaíoch mar Bhaile Straitéiseach tábhachtach.” 

 

Glac páirt sa chomhairliúchán

Is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán ar na bealaí seo a leanas idir an Mháirt an 5 Aibreán agus an Mháirt an 2 Bealtaine 2022:

 

Beidh imeacht comhairliúcháin phoiblí ‘buail isteach’ ar siúl Déardaoin an 14 Aibreán ag an Stua Siopadóireachta ar an tSráid Mhór ar an Chlochán Liath, atá folamh faoi láthair, idir 2.00 p.m. agus 7.00 p.m. Tar ar an lá chun labhairt leis na sainchomhairleoirí agus chun do thuairimí a chur in iúl! Beidh mionsonraí faoin imeacht sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an tionscadail agus ar a leathanaigh ar Facebook agus ar Twitter. Má bhíonn aon cheisteanna agat, seol ríomhphost chuig: [email protected]

 

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO