Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Release from Jan 2021 > Donegal Secures Joint Highest Number of Blue Flags

26/05/21 - Donegal Secures Joint Highest Number of Blue Flags

 

Donegal County Council welcomes the announcement that once again the county has joint highest number of Blue Flags in the country.  An Taisce announced that 12 beaches and 2 marinas in the county are receiving Blue Flags.  These international awards recognise excellent bathing water quality and promote sound environmental management of beaches, marinas and inland bathing waters around the world.

 

Beaches in Donegal which received Blue Flags are Bundoran, Rossnowlagh, Murvagh, Fintra, Portnoo/Narin, An Charraig Fhinn (Carrickfinn), Trá na Cille (Killahoey), Marblehill, Na Dúnaibh (Downings), Portsalon, Culdaff, Stroove, in addition to marinas at Greencastle and Rathmullan.

 

In addition, beaches at An Dumhaigh (Dooey), Machaire Rabhartaigh (Magheroarty), Droin na Tine (Drumatinney) and Baile Thiarnáin (Ballyheirnan) have all received Green Coast awards in 2021.

 

Beach Lifeguards will be in place earlier this year than ever before as we look forward to welcoming visitors to our world class beaches this summer.  Lifeguards will be in place all summer from 1st June on Bundoran and Rossnowlagh beaches between 11am and 7pm.  Lifeguards will also be in place at weekends in June and for all of July and August on beaches at Murvagh, Fintra, Portnoo/Narin, An Charraig Fhinn (Carrickfinn), Trá na Cille (Killahoey), Marblehill, Na Dúnaibh (Downings), Portsalon, Rathmullan, Culdaff and Stroove. Lifeguards will be on duty on these beaches from 12pm to 6:30pm during these days.

 

Donegal County Council encourages the public to enjoy our award winning beaches in a safe and sustainable manner.  It is important to be mindful of the ongoing need to respect social distancing, hand hygiene and respiratory etiquette in relation to COVID-19.   Beach users are also reminded to take care in or on the water and take note of water safety precautions.  The public are also asked to leave no trace on our beaches, other than footsteps.  If bins are provided dispose of your waste in a bin otherwise, please take your waste with you to dispose of it in a responsible manner.

 

In welcoming the announcement Chief Executive of Donegal County Council John McLaughlin acknowledged that it is extremely important for the county that it receives this international recognition for our beaches and he underlined the role that they play in the county’s economy. He commended the role played by local communities working alongside Donegal County Council in ensuring that the county secured these awards.  Donegal’s world class beaches along with its spectacular scenery and friendly welcome make it a great place to live, work and visit.

 

Cathaoirleach of Donegal County Council Cllr. Rena Donaghey is also delighted with the announcement noting that for the second year in a row that Donegal has secured 14 Blue Flags and 4 Green Coast Awards.  She said that she is looking forward to seeing both visitors to the county and the Donegal public enjoying our beaches this summer as well as all the other fabulous amenities that Donegal has to offer.

 

 

 

 

An líon is airde Bratacha Gorma ag Dún na nGall agus contae amháin eile

 

Fáiltíonn Comhairle Contae Dhún na nGall roimh an fhógra go bhfuil an contae ar chomhchéim arís i mbliana le contae amháin eile leis an líon is airde bratacha gorma bronnta ar thránna. D’fhógair An Taisce go bhfuil Bratacha Gorma le bronnadh ar 12 thrá agus ar 2 mhuiríne sa chontae.  Aithníonn na gradaim idirnáisiúnta seo cáilíocht uisce snámha den scoth agus cuireann siad bainistíocht stuama comhshaoil chun cinn ar thránna, muiríní agus uiscí snámha intíre ar fud an domhain.

 

Bronnadh Brat Gorm ar na tránna seo a leanas i nDún na nGall: Bun Dobhráin, Ros Neamhlach, Muirbheach, Fionntrá, Port Nua/An Fhearthainn, An Charraig Fhinn, Trá na Cille, Cnoc an Mharmair, Na Dúnaibh, Port an tSalainn, Cúil Dabhcha, An tSrúibh, chomh maith leis sin, bronnadh Brat Gorm ar dhá mhuiríne – ceann acu ar an Chaisleán Nua agus an ceann eile i Ráth Maoláin.

 

Anuas air sin, bronnadh gradam an Chósta Ghlais i 2021 ar thránna i Machaire Rabhartaigh, An Dumhaigh, i nDroim na Tine agus i mBaile Thiarnáin.

 

Beidh gardaí tarrthála trá ar dualgas níos luaithe i mbliana ná mar a bhí bliain ar bith eile agus muid ag súil go mór chun fearadh na fáilte a chur roimh cuairteoirí chuig ár dtránna galánta nach bhfuil a sárú le fáil ar dhroim na cruinne.  Beidh gardaí tarrthála ar dualgas i rith an tsamhraidh ó 1 Meitheamh ar thrá Bhun Dobhráin agus Ros Neamhlach idir 11am agus 7pm.

 

Beidh gardaí tarrthála ar dualgas gach deireadh seachtaine i mí an Mheithimh agus gach lá i mí Iúil agus Lúnasa ar na tránna seo a leanas:  Muirbheach, Fionntrá, Port Nua/An Fhearthainn, An Charraig Fhinn, Trá na Cille, Cnoc an Mharmair, Na Dúnaibh, Port an tSalainn, Ráth Maoláin, Cúil Dabhcha, agus An tSrúibh.  Beidh na gardaí tarrthála ar dualgas ar na tránna seo ó 12pm go 6.30pm.

 

Impíonn Comhairle Contae Dhún na nGall ar an phobal sult a bhaint as ár dtránna cáiliúla ar bhealach atá sábháilte agus inbhuanaithe.   Tá sé go fóill tábhachtach gan dearmad a dhéanamh ar an ghá le fad sóisialta a choinneáil ó dhaoine eile, na lámha a choinneáil glan agus casachtaí a choinneáil faoi smacht ar mhaithe le COVID-19 a choinneáil faoi chois.

 

Cuirtear i gcuimhne d’úsáideoirí trá fosta aire a thabhairt agus iad gar don uisce nó istigh san uisce agus iad fhéin a choinneáil ar an eolas faoi chúrsaí sábháilteachta uisce.

 

Iarrtar ar an phobal fosta gan a dhath a fhágáil ar ár dtránna ach amháin rian a gcos.  Má chuirtear boscaí bruscair ar fáil, bain úsáid astu, muna bhfuil, tabhair do bhruscair leat agus faigh réidh leis mar ba chóir. 

 

Agus é ag fáiltiú roimh an fhógra, thug Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John Mc Laughlin, le fios go bhfuil an t-aitheantas idirnáisiúnta seo dár dtránna thar a bheith tábhachtach don chontae agus leag sé béim ar an ról atá acu i ngeilleagar an chontae. 

 

Mhol sé an ról atá ag pobail áitiúla atá ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall lena chinntiú go bhfuair an contae na gradaim seo.

Tránna den chéad scoth, radharcanna iontacha agus fáilte faoi leith, níl áit níos fear le cónaí, le hobair nó le cuairt a thabhairt air ná anseo i nDún na nGall.

 

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall An Clr.  Rena Donaghey thar a bheith sásta leis an fhógra, ag tabhairt le fios gurb í seo an dara bliain as a chéile go bhfuil ceithre cinn déag de Bhrait Ghorma agus 4 Ghradam Cósta Glas faighte ag Dún na nGall. 

 

Dúirt sí go bhfuil sí ag súil go mór go mbainfidh idir chuairteoirí agus an phobal áitiúil sult agus taitneamh as ár dtránna agus as na háiseanna iontacha eile atá ar fáil sa chontae an samhradh seo.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO