Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Release from Jan 2021 > Funding awarded to bring Colmcille to life

12/05/21 - Funding awarded to bring Colmcille to life across Donegal and Derry

 

Eighteen projects from across the Council areas of Derry, Strabane and Donegal  celebrating the history, music, drama, literature, art, and folklore of Colmcille, have been successful in securing funding made available as part of the Colmcille 1500 Community Grant Scheme launched in January 2021.

 

The scheme is part of the Colmcille 1500 year-long commemoration marking the 1500th anniversary of the birth of Colmcille (also known as Columba). 

 

The year recognises the importance and legacy of the 6th-century saint, not only for Derry and Donegal but for the island of Ireland, Scotland and across the world.  The year-long celebrations will last from the 7th December 2020 to 7th December 2021.

 

Over 70 applications were received for the grants scheme with the 18 successful applicants each obtaining grants of €2,000 or £1,800 to be part of the 1500th commemorations taking place during 2021.

 

Welcoming the allocation of the grant funding, Deirdre Harte, Colmcille 1500 Project Manager said the successful applicants will bring Colmcille’s legacy to life through a range of themes including history, music, drama, literature, art, archaeology, spirituality, storytelling and folklore.

 

“We are delighted to have awarded funding that allows us to showcase the wealth of talent and creativity in our local communities. It’s a fantastic opportunity to get local people involved in the celebrations and to help us bring  Colmcille to a range of audiences, young and old, in a variety of ways such as through concerts, short films, virtual trails, a walking festival, poetry workshops, art installations, new music compositions and a young ambassadors programme.”

 

The project is being co-ordinated jointly by Derry City & Strabane District Council and Donegal County Council with the support of key partners including the North West Development Fund, in conjunction with and supported by The Executive Office and The Irish Government.

 

The programme for the year includes a range of projects, events and activities including the community grants scheme and is being delivered in partnership with a range of local, regional, national and international organisations.

 

 

Oideas Gael, Gleann Cholm Cille: an áit agus a naomh

 

Among the nine Donegal projects that were successful are several that will take place in the Gartan area where Colmcille was born. Donegal Chamber Music Society will perform a special composition ‘Mobhi’s Belt’ based on the very topical story of the dramatic effect of a pandemic on Colmcille’s monastic career. Filmmaker Brenda Kelly will create an original short film ‘Colmcille’s Childhood in Gartan’, showcasing the many historical sites where the saint grew up and the Colmcille Gospel Choir will bring together singers from different generations and areas with well-known musicians and artists to sing in celebration of Colmcille 1500 in Gartan and Glencolmcille.

 

Oideas Gael secured funding to gather folklore and produce an interactive digital map showcasing the rich tapestry of minor placenames associated with the saint in Gleann Cholm Cille - such as field names and man-made features.

 

Explore Inishowen will deliver a Colmcille Walking Festival to celebrate his footprint in Inishowen with walks focused around places of interest such as Portcille where Colmcille left from to go to Scotland. While in Fanad, Clondavaddog Parish will commission an icon and publish a brochure mapping key sites and directing people to the unspoken (‘Guth Colmcille’) chapter of the saint’s life, his time in Fanad.

 

Funding was also secured by Disert Heritage Group to carry out an archaeological excavation at the early medieval church site, graveyard and holy well dedicated to St Colmcille which will inform national and international discussion on the nature of the early Church and the work of Colmcille. Teach na nAmhrán, The Song House Ireland, will deliver online literary events led by Irish and Scottish award winning poets while Beltaine Productions will produce a short film ‘Colmcille, Myths, Legends and Truths’ exploring the Donegal landscape and culture into which the saint was born, presented by Dr. Brian Lacey, one of Ireland’s leading authorities on Colmcille.

 

For further details about activities planned for Colmcille 1500 visit www.colmcille1500.com

 

 

 

 

 

Maoiniú bronnta le beocht a chur i gColm Cille ar fud Dhún na nGall agus Dhoire

 

D’éirigh le ocht dtionscadal déag sna ceantair Chomhairle, Doire, an Srath Bán agus Dún na nGall  a dhéanann ceiliúradh ar stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín agus béaloideas Cholm Cille, maoiniú a fháil a cuireadh ar fáil mar chuid de Scéim Deontais Pobail Cholmcille 1500, scéim a seoladh in Eanáir 2021.

 

Tá an scéim mar chuid de chieliúradh bliana Cholmcille 1500 a dhéanann comóradh ar 1500ú cuimhneachán bhreith Cholm Cille (a dtugtar Columba air chomh maith). 

 

Aithnítear sa bhliain tábhacht agus oidhreacht an naoimh a mhair sa 6ú céad, chan amháin do Dhoire agus Dún na nGall ach d’Éirinn, Albain agus ar fud an domhain.  Mairfidh an ceiliúradh bliana ó 7ú Nollaig 2020 go 7ú Nollaig 2021.

 

Fuarthas corradh le 70 iarratas don scéim deontais agus fuair na 18 iarratasóir ar éirigh leo deontais €2,000 nó £1,800 mar chuid den 1500ú ceiliúradh atá ar siúl le linn 2021.

 

Agus í ag cur fáilte roimh bhronnadh an deontais, dúirt Deirdre Harte, Bainisteoir Tionscadail Cholmcille 1500 go gcuirfidh na hiarratasóirí rathúla beocht in oidhreacht Cholm Cille trí théamaí éagsúla lena n-áirítear stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín, seandálaíocht, spioradáltacht, scéalaíocht agus béaloideas.

 

“Tá lúcháir orainn gur bhronn muid maoiniú a fhágann go dtig linn an saibhreas buanna agus cruthaitheachta inár bpobail áitiúla a thaispeáint. Is deis iontach é le ligean do mhuintir na háite páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus le cuidiú linn Colm Cille a chur i láthair réimse de lucht éisteachta, idir óg agus aosta, ar dhóigheanna éagsúla mar shampla trí cheolchoirmeacha, gearrscannáin, conairí fíorúla, féile shiúil, ceardlanna filíochta, suiteálacha ealaíne, saothair úra cheoil agus clár d’ambasadóirí.”

 

Tá an tionscadal á eagrú ag Comhairle Ceantair Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le chéile le tacaíocht ó pháirtithe ríthabhachtacha lena n-airítear Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt, i gcomhar leis an Oifig Feidhmiúcháin agus Rialtas na hÉireann agus le tacaíocht uathu.

 

Sa chlár don bhliain tá réimse de thionscadail, imeachtaí agus gníomhaíochtaí lena n-áirítear an scéim deontais pobail agus tá sé á sheachadadh i gcomhpháirt le réimse d’eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

 

I measc na naoi dtionscadal Dhún na nGall ar éirigh leo tá roinnt mhaith a bheas ann i gceantar Ghartáin an áit ar rugadh Colm Cille. Léireoidh Cumann Ceol Aireagail Dhún na nGall saothar speisialta ‘Mobhi’s Belt’ bunaithe ar scéal an-tráthúil thionchar suntasach paindéime ar shaol Cholm Cille mar mhanach. Cruthóidh an déantóir scannán, Brenda Kelly, gearrscannán úr ‘Colmcille’s Childhood in Gartan’, ina dtaispeántar cuid mhór de na suíomhanna áitiúla inar fhás an naomh aníos agus tabharfaidh Cór Soiscéalach Cholmcille le chéile amhránaithe ó ghlúnta agus ceantair éagsúla le ceoltóirí agus ealaíontóirí clúiteacha le ceol mar cheiliúradh ar Cholmcille 1500 i nGartán agus i nGleann Cholm Cille.

 

Fuair Oideas Gael maoiniú le béaloideas a bhailiú agus le léarscáil dhigiteach idirghníomhach a dhéanamh ina léirítear an gréasán saibhir de mhion-logainmneacha  a bhaineann leis an naomh i nGleann Cholm Cille  - leithéidí ainmneacha páirceanna agus gnéithe de dhéantús an duine.

 

In Explore Inishowen tabharfar Féile Shiúil Cholm Cille lena léiriú cá háit ar shiúil sé in Inis Eoghain agus beidh siúlóidí ann dírithe ar áiteanna inspéise mar Phort Cille ónar fhág Colm Clle le dul go hAlbain. Agus i bhFánaid, coimisiúnóidh Paróiste Chluain Dhabhaodóg íocón agus foilseoidh siad bróisiúr ina ndéantar na príomhshíomhanna a léarscáiliú agus a dtreoraítear daoine chuig an chaibidil fholaithe (‘Guth Colmcille’) de shaol an naoimh, a sheal i bhFánaid.

 

Fuair Grúpa Oidhreachta Disert maoiniú fosta le tochailt seandálaíochta a dhéanamh ag an tsuíomh eaglaise luath-mheánaoiseach, an reilig agus an tobar naofa a tiomnaíodh do Cholm Cille a chuideoidh le plé náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nádúr na luath-Eaglaise agus obair Cholm Cille. Cuirfidh Teach na nAmhrán imeachtaí litearthachta ar fáil ar líne á stiúradh ag filí Éireannacha agus fili Albanacha a bhfuil duaiseanna bainte acu agus léireoidh Beltaine Productions gearrscannán ‘Colmcille, Myths, Legends and Truths’ a dhéanann iniúchadh ar an tírdhreach agus ar chultúr Dhún na nGall in aimsir an naoimh. An Dr Brian Lacey, duine de na saineolaithe is mó in Éirinn ar Cholm Cille  a chuirfeas i láthair é.

 

Tá tuilleadh sonraí faoi na gníomhaíochtaí atá pleanáilte do Cholmcille 1500 le fáil ag www.colmcille1500.com

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO