My Open Library is now available at Buncrana Community Library. The My Open Library service offers extended opening hours, providing library access to members from 8 a.m. to 10 p.m., 365 days per year. The staffed hours, combined with the extended My Open Library hours, allow library members to access the library at times that suit them, particularly for those who may not be able to access the library during regular staffed times. Whether you're an early riser or a night owl, this extended access ensures the library is there for you whenever you need it.
As Senior Executive Librarian Donna Cavanagh explains, " The My Open Library Service has been available in a number of libraries across Ireland for several years and has proved to be a very successful. The new service in Buncrana Community Library will give members access to their local library outside normal opening hours. This initiative is a welcome addition to the essential services that Libraries provide to our local communities. The staffed hours remain, but with the introduction of My Open Library, Buncrana Community Library is expanding its reach and becoming even more responsive to the needs of its patrons by facilitating access to the physical library space in a way that suits people's busy lives.”
The provision of the self-service activities allows members to borrow and return items, access the internet, use printing and scanning facilities. The library also offers dedicated study and reading spaces, as well as a community meeting facility.
Whether you are a busy professional, a student with a packed schedule, or a parent juggling family commitment, this service adapts to your lifestyle, ensuring you can always find the time to explore the vast resources at your fingertips.
Members must join separately to access this free service and also attend an in-person induction. If you would like to find out more information and to arrange an induction, please contact Buncrana Community Library at 074 9361941 or email [email protected]
Tá Mo Leabharlann Oscailte ar fáil anois ar Leabharlann Phobail Bhun Cranncha. Bíonn uaireanta oscailte níos faide ag an tseirbhís Mo Leabharlann Oscailte a chuireann seirbhís leabharlainne ar fáil do bhaill idir 8am go 10pm, 365 lá in aghaidh na bliana. Tugann na huaireanta le baill foirne, mar aon leis na huaireanta níos faide de Mo Leabharlann Oscailte, an deis do bhaill leabharlainne teacht ar an leabharlann am ar bith a fheileann dóibh, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil fáil acu ar an leabharlann le linn amanna rialta na mball foirne. Cibé más mochóirí thú nó airneánach, cinntíonn an rochtain níos faide seo go bhfuil an leabharlann ar fáil duit cibé uair is mian leat.
Mhínigh Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Donna Cavanagh, “Tá an tseirbhís Mo Leabharlann Oscailte ar fáil i líon leabharlanna ar fud na hÉireann le blianta beaga anuas agus tá ag éirí go maith leis. Tabharfaidh an tseirbhís nua i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha an deis do bhaill rochtain a fháil ar a leabharlann áitiúil lasmuigh de ghnáthuaireanta oscailte. Cuireann an tseirbhís seo go mór leis na seirbhísí riachtanacha a thugann na Leabharlanna dá bpobail áitiúla. Beidh na huaireanta le baill foirne mar a chéile, ach le Mo Leabharlann Oscailte, beidh Leabharlann Phobail Bhun Cranncha ag leathnú amach a rochtain agus ag freagairt níos mó do riachtanais a gcliant trí spás leabharlainne fisiciúil a chur ar fáil ar bhealach a oireann do dhaoine gnóthacha.”
Tugann soláthar na ngníomhaíochtaí féinfhreastail an deis do bhaill rudaí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais, an tIdirlíon a úsáid agus áiseanna scanta agus priontála a úsáid. Cuireann an leabharlann spásanna tiomnaithe staidéir agus léitheoireachta ar fáil, mar aon le háis chruinnithe don phobal.
Cibé más duine gairmiúil, mac léinn le sceideal pacáilte, nó tuismitheoir le cúramaí clainne ort thú, téann an tseirbhís seo in oiriúint do do stíl mhaireachtála féin, a chinntíonn go mbeidh am agat i gcónaí na hacmhainní ar fad a fhiosrú atá ar bharr do mhéaracha.
Ní mór do bhaill clárú iad féin chun an tseirbhís saor in aisce seo a fháil agus freisin ní mór ionduchtú go pearsanta a dhéanamh. Más mian leat níos mó eolais a fháil agus ionduchtú a eagrú, déan teagmháil le Leabharlann Phobail Bhun Cranncha ar 074 9361941 nó seol ríomhphost chuig [email protected]