Skip to main content

April

€490,000 faigthe don oidhreacht thógtha i nDún na nGall

Date: 04 Aib 2025

Oidhreacht

€490,000 faigthe don oidhreacht thógtha i nDún na nGall

€130,000 faighte ag Seanscoil Mhaoinithe Phrióireachta i Leifear faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil 2025. Táthar ag súil le creatlach an fhoirgnimh a dheisiú chun go mbainfí úsáid as an fhoirgneamh arís – mar Chartlann an Chontae.
€130,000 faighte ag Seanscoil Mhaoinithe Phrióireachta i Leifear faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil 2025. Táthar ag súil le creatlach an fhoirgnimh a dheisiú chun go mbainfí úsáid as an fhoirgneamh arís – mar Chartlann an Chontae.

Fógraíodh trí scéim deontais chaomhantais le gairid a bhaineann le maoiniú do 21 foirgneamh oidhreachta ar fud Dhún na nGall.

D’fhógair an tAire Stáit le freagacht as Nádúr, Oidhreacht agus Bithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan TD, ar an 27 Márta go mbronnfar breis agus €3.5 milliún ar 28 togra ar fud na tíre chun tacú le hobair dheisiúcháin agus le caomhnú a dhéanamh ar fhoirgnimh shainchomhartha mar chuid de Chiste na Struchtúr Stairiúil (CSS) i mbliana, ina bhfuil dhá thogra dóibh sin lonnaithe i nDún na nGall.

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne: “Tá lúcháir orm go bhfuil na deontais CSS seo ann, a chuirfidh leis an spiorad agus leis an taitneamhacht sna cathracha, sna bailte agus sna ceantair tuaithe. Cuireann sé ola ar mo chroí nuair a fheicim beocht nua curtha i bhfoirgnimh stairiúla nach bhfuil in úsáid a thuilleadh mar go bhfuil sé ag freastal ar riachtanais na bpobal ar fud na tíre.”

Is cinnte go bhfuil seo amhlaidh i gcás dhá iarratas ó Dhún na nGall a cuireadh isteach agus ar éirigh leo. An chéad cheann ná foirgneamh folamh ina raibh Scoil Mhaoinithe Phrióireachta i Leifear lá den saol. Tá cuimhní cinn ag baill den phobal ar an fhoirgneamh seo. Tá an Chomhairle ag obair ar phleananna le hathnuachan a dhéanamh ar an fhoirgneamh seo mar chuid de Chartlann Chontae Dhún na nGall. Tá €130,000 faighte leis an díon agus le hearraí báistí a dhaingniú agus le hoibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar an obair chloiche agus ar na fuinneoga. Déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall maoiniú comhoiread air seo.

Bronnadh an dara deontas faoi CSS ar úinéir príobháideach a bhfuil foirgneamh mór muilleála aige i Ráth Mealtain atá tréigthe san am i láthair. Cuirfear deontas de €150,000 ar fáil le díon an fhoirgnimh a dheisiú, rud a chuideoidh le hathnuachan a dhéanamh ar an fhoirgneamh folamh seo ina bhfuil sé beartaithe trí aonad cónaithe a fhorbairt i gcroílár an bhaile álainn oidhreachta seo.

Tháinig an scéala seo sna sála ar fhógra a rinne an tAire Stáit le freagracht as Nádúr, Oidhreacht agus Bithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan TD, an mhí seo caite. Thug sé na tograí sin ar éirigh leo faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha (SIOT) agus faoi dheontais d’Fhoirgnimh Tuí Stairiúla (FTS) 2025, le fios. Cuirtear an maoiniú riachtanach ar fáil faoi na scéimeanna seo chun Struchtúir atá Faoi Chosaint agus chun foirgnimh stairiúla in Éirinn a chosaint agus lena chinntiú go gcaomhnófar iad don todhchaí. Tugadh €133,702 do Dhún na nGall faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2025 le hoibreacha riachtanacha a dhéanamh ar naoi struchtúr ar fud an chontae; chun tacú le hobair dheisiúcháin ar dhíonta, ar bhallaí agus ar shimléir na bhfoirgneamh. Tugadh €79,368 don Chontae faoin Scéim Deontais d’Fhoirgnimh Tuí Stairiúla 2025 a rachaidh chun sochair do dheich bhfoirgneamh tuí ar fud an Chontae. Léiríonn sé seo go bhfuil an Rialtas tiomanta do chaomhnú na bhfoirgneamh tuí in Éirinn. 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Aib 2026

Tacaíocht d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú

Tá tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme i gContae Dhún na nGall a chaomhnú faoi Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme atá á riar ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é is aidhm le Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme a chinntiú go gcaomhnaítear, fá choinne úsáid talmhaíochta, foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir ghaolmhara eile a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach oidhreachta leo. Ní ghlacfar ach le hiarratais ar líne agus is é 5pm Dé Luain 18 Bealtaine an dáta deiridh chun iarratais ar an scéim deontais a fháil. Feirmeoirí a bhfuil sé i gceist acu cur isteach ar scéim na bliana seo, moltar dóibh freastal ar sheimineár gréasáin gairid ar 12 meán lae Dé hAoine 17 Aibreán. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)