Date: 13 Aib 2026
Tacaíocht d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú
Tá tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí chun foirgnimh thraidisiúnta feirme i gContae Dhún na nGall a chaomhnú faoi Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme atá á riar ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é is aidhm le Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme a chinntiú go gcaomhnaítear, fá choinne úsáid talmhaíochta, foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir ghaolmhara eile a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach oidhreachta leo. Ní ghlacfar ach le hiarratais ar líne agus is é 5pm Dé Luain 18 Bealtaine an dáta deiridh chun iarratais ar an scéim deontais a fháil. Feirmeoirí a bhfuil sé i gceist acu cur isteach ar scéim na bliana seo, moltar dóibh freastal ar sheimineár gréasáin gairid ar 12 meán lae Dé hAoine 17 Aibreán. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202.
“Cuireann ár bhfoirgnimh thraidisiúnta feirme le carachtar an tírdhreacha tuaithe atá againn agus tá ról tábhachtach á chur i gcrích ag feirmeoirí le hiad a chothabháil agus a choinneáil in úsáid” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Trí Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme, ligtear d’fhoirgnimh thraidisiúnta feirme leanúint orthu a bheith inúsáidte fá choinne gníomhaíochtaí talmhaíochta, cuidítear linn gnéithe dár n-oidhreacht thógtha tuaithe atá tábhachtach don charachtar réigiúnach tírdhreacha a chothú, agus cuirtear nósanna saoil na tuaithe agus an stair áitiúil i láthair cuairteoirí agus daoine áitiúla araon.
Tríd an scéim, spreagtar feirmeoirí go mór, agus tacaítear leo, chun fiú cuid de na deisiúcháin a dhéanamh iad féin. Cuirtear modh fostaíochta ar fáil fosta do chonraitheoirí áitiúla agus spreagtar ceardaithe áitiúla chun an dea-chleachtas caomhnaithe a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm.”
Tá an deontas ar fáil chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú, lena n-áirítear díonta, ballaí, deisiúcháin struchtúrtha, fuinneoga agus doirse. Beidh deontais ar fáil fosta fá choinne struchtúir ghaolmhara eile amhail dromchlaí stairiúla clóis agus gnéithe tírdhreacha thart ar chlós na feirme, ballaí agus geaftaí traidisiúnta feirme. Le go mbeadh na foirgnimh nó na struchtúir ghaolmhara eile incháilithe don scéim, is gá go mbeadh carachtar oidhreachta seandálaíochta nó dúchasach acu, go mbeadh siad ag cur leis an láthair ina bhfuil siad agus nach mbeadh siad cumhdaithe ná ceilte ag foirgnimh mhóra nua-aimseartha.
Tá Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme ar fáil d’fheirmeoirí (i) atá ina rannpháirtithe i scéimeanna agra-chomhshaoil lena n-áirítear an Scéim Comhshaoil Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES ) nó (ii) atá ina rannpháirtithe faofa sa Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach. Is gá go mbeadh an t-iarratasóir ina úinéir ar an fhoirgneamh/ar an struchtúr ghaolmhar eile a bhfuil maoiniú á lorg fána choinne nó a bheith ag gníomhú le cead an úinéara. Leis an deontas, clúdófar suas le 75% de chostas na n-oibreacha, lena n-áirítear costas maoirseachta ag sainchomhairleoir caomhantais. Is é €4,000 an deontas is lú a thabharfar, agus is é €30,000 an méid is mó. Bíonn an-iomaíocht ann do Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme agus measann an Chomhairle Oidhreachta go dtabharfar tacaíocht do thart fá 40 togra ar fud an chontae in 2026. Bhuaigh an scéim deontais Gradam Oidhreachta na hEorpa in 2024 mar aitheantas ar a hionchur ollmhór chun oidhreacht dhúchasach talmhaíochta na hÉireann a chaomhnú agus a fheabhsú.
Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag: www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202. Tá Comhairle ar fáil d’iarratasóirí chomh maith ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall.