Skip to main content

April

Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Chultúir 2024

Date: 16 Aib 2025

Cultúr

Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Chultúir 2024

 Foireann an Rannáin Chultúir ar na céimeanna taobh amuigh den Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Chultúir 2024  ina lámha. Ó chlé go deas: Rita Chapman, Joseph Gallagher, Maureen Kerr, Donna Cavanagh, Judith McCarthy, Traolach Ó Fionnáin, Niamh Brennan, Karen Sheehy, Julie Corry agus Jeremy Howard.
Foireann an Rannáin Chultúir ar na céimeanna taobh amuigh den Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Chultúir 2024 ina lámha. Ó chlé go deas: Rita Chapman, Joseph Gallagher, Maureen Kerr, Donna Cavanagh, Judith McCarthy, Traolach Ó Fionnáin, Niamh Brennan, Karen Sheehy, Julie Corry agus Jeremy Howard.

D’fhoilsigh Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a nAthbhreithniú Bliantúil 2024 ar na mallaibh ina bhfuil achoimre ar éachtaí a bhaineann le rannpháirtíocht chultúrtha a neartú agus cruthaitheacht a chothú ar fud pobail éagsúla.

Tá seirbhísí Leabharlainne, Ealaíon, Iarsmalainne, RCC, Cartlainne, Oidhreachta agus Bithéagsúlachta mar chuid den Rannán Cultúir. Áirítear leis na buaicphointí seo: Taispeántas faoin Daonnacht Choiteann a d’fhorbair na Seirbhísí Cartlainne agus Iarsmalainne i gcomhar le PRONI; cuairt ón údar Paul Lynch a bhain Duais Booker, ag comhrá le Colm Tóibín; seoladh ‘Mo Leabharlann Oscailte’ i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha; Féile Punc Culture Shocks san RCC; clár iontach d’Oíche Chultúir; ceiliúradh ar Bhaile Dhún na nGall 550 agus comóradh 25 bliain d’Amharclann an Ghrianáin; seoladh de Phlean úr Oidhreachta Chontae Dhún na nGall; imeachtaí a dhéanann ceiliúradh ar Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta; agus clár leathan imeachtaí leis an éagsúlacht a cheiliúradh.

Tuilleadh eolais: https://www.donegalculture.ie/en/explore/collections/culture-division-strategy/


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)