Date: 09 Aib 2025
Feabhas tagtha ar Sholáthar Lóistín Éigeandála do Dhaoine gan Dídean
I ndiaidh roinnt fiosrúchán a rinneadh ar na mallaibh, ba mhian le Comhairle Contae Dhún na nGall a dheimhniú go bhfuil siad tiomanta go fóill do thacaíocht a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do theaghlaigh ar fud an chontae atá gan dídean. Rinneadh leasuithe le gairid ar mhúnla na seirbhíse a bhaineann le lóistín éigeandála a chur ar fáil. Tá seo mar chuid d’iarracht níos leithne le caighdeán, le maoirseacht agus le héifeachtacht na dtacaíochtaí do dhaoine gan dídean a fheabhsú, de réir Phlean Gníomhaíochta Réigiúnach an Iarthuaiscirt do Dhaoine gan Dídean (2023-2028).
Le linn 2024, sheol an Chomhairle próiseas um Léiriú Spéise le soláthróirí oiriúnacha a aimsiú a chuirfeadh lóistín éigeandála ar fáil. Mar thoradh ar an togra seo a bhí mar fhreagairt ar Ghníomh 1 de Phlean Gníomhaíochta Réigiúnach an Iarthuaiscirt do Dhaoine gan Dídean, tháinig dhá sholáthróir ar bord a bhfuil ionaid curtha ar fáil acu ar bhonn píolótach i Leitir Ceanainn agus i mBun Dobhráin. Cuireadh na hionaid seo ar bun le roghanna feabhsaithe lóistín a chur ar fáil atá sábháilte, faoi mhaoirseacht agus a thagann leis na riachtanais atá ag lucht úsáidte na seirbhíse. Táthar ag dúil go ndéanfar breis ionad a choimisiúnú le himeacht ama más gá, chun go mbeadh dáileadh tíreolaíoch níos leithne ar fud an Chontae.
Tá an cur chuige nua seo ag tógáil ar an mhúnla a bhí ann, le haiseolas ó chliaint agus ó ghníomhaireachtaí eile, áit a raibh ar chliaint a gcuid lóistín éigeandála féin a aimsiú i mbrúnna príobháideacha nó i lóistín Leaba is Bricfeasta. Bhí seo ina dhúshlán dóibh go háirithe nuair a bhíodh daoine ag teacht ar saoire nó nuair a bhíodh mórimeachtaí ar siúl sa Chontae. Baineann réimse buntáistí leis an chur chuige leasaithe seo, ina measc:
- Feabhas ar chaighdeán agus ar mhaoirseacht an lóistín do dhaoine aonair agus teaghlaigh;
- Lóistín do theaghlaigh amháin curtha ar fáil chun freastal ar riachtanais na bpáistí agus a dtuismitheoirí;
- Maoirseacht ar an láithreán chun timpeallacht atá slán agus sábháilte a chinntiú;
- Iompar frithshóisialta a laghdú a oiread agus is féidir trí laghdú a dhéanamh ar aon bhaol ar iompar míchuí do ghrúpaí leochaileacha;
- Margadh níos fearr ar an airgead, le rátaí gach oíche a aontaíodh roimh ré;
- Tacaíocht réamhghníomhach do lucht úsáidte na seirbhíse trí phleananna cúraim agus tuairisciú rialta a dhéanamh.
Lena chois sin, cuireann na hionaid seo bricfeasta Eorpach ar fáil agus bíonn fáil ar sheirbhísí timfhillte a chuidíonn le daoine aonair aistriú chuig réiteach fadtéarmach tithíochta. Beidh Oifigeach Aimsithe Áiteanna HAP na Comhairle, a ceapadh le gairid, ag obair i gcomhar le lucht úsáidte na seirbhíse le lóistín buan a aimsiú agus leis an tréimhse chónaithe i lóistín éigeandála a laghdú.
Tá an Chomhairle ag díriú ar sheirbhís níos struchtúrtha agus níos tacúla a chur ar fáil a thugann tús áite do dhínit, do shábháilteacht, agus do na torthaí deiridh dóibh sin ar an ghannchuid. Déantar athbhreithniú ar na cásanna uilig ar bhonn aonair, agus leanfar ar aghaidh ag cur béime air seo lena chinntiú go gcuirfear riachtanais phráinneacha agus fadtéarmacha san áireamh chun tacú le cliaint lóistín seasmhach a fháil go fadtéarmach.
Faoi láthair, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tacú leis na cliaint seo a leanas ó thaobh lóistín éigeandála de:
- Mná: 9
- Fir: 32
- Teaghlaigh: 3 – ina bhfuil 3 duine fásta agus 8 bpáiste
Ní dhéanann Comhairle Contae Dhún na nGall trácht ar aon chás faoi leith a bhaineann le daoine gan dídean; bíodh sin daoine aonair nó teaghlaigh.