Skip to main content

April

Oifig Scannán Dhún na nGall – An Ciste um Thallann ag teacht chun cinn 2025

Date: 07 Aib 2025

Cultúr

Oifig Scannán Dhún na nGall – An Ciste um Thallann ag teacht chun cinn 2025

Grianghraf - Mark Sheen
Grianghraf - Mark Sheen

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le hÉire Ildánach togra nua maoinithe a fhógairt! Tá seo mar chuid de ghealltanas roinnte chun cruthaitheacht a chur chun tosaigh agus le tacú le tallann atá ag teacht chun cinn.

Cuireadh an ciste seo ar bun le spreagadh a thabhairt do scríbhneoir, do léiritheoir nó do stiúrthóir atá ag teacht chun cinn. Cuirfear an tacaíocht chuí ar fáil dóibh lena chinntiú go mbeidh a n-ainm curtha le saothar léiriúcháin. Tabharfar an muinín agus an chreidiúint riachtanach dóibh le cur isteach ar mhórmhaoiniú náisiúnta agus ar dheiseanna eile san earnáil amach anseo. 

Is é príomhaidhm an togra ná muinín a chothú, cur le scileanna agus deiseanna fiúntacha a chruthú san earnáil, go háitiúil agus i gcéin. Trí thacaíocht a thabhairt do ghuth nua cruthaitheach, tá sé i gceist againn inniúlacht a fhorbairt, léirithe ealaíonta a chothú, agus tógáil ar chultúr na scéalaíochta atá beo bríomhar i nDún na nGall.

Taobh amuigh de chúrsaí léiriúcháin, cothaíonn an togra seo forbairt gairme fadtéarmach. Déanfar an tionscnamh críochnaithe a chur i láthair ag Féile Scannán, rud a chinntíonn infheictheacht agus aitheantas don déantóir scannán agus a chuireann lena líonra proifisiúnta agus cruthaitheach.

Beidh deis ag na hiarratasóirí a n-éiríonn leo, a dtionscnamh a thabhairt chun beochta le treoir ó phainéal de dhaoine proifisiúnta san earnáil. Tríd an socrú meantóireachta seo, déanfar cinnte go gcuirfidh saineolaithe aiseolas ar fáil chomh maith le tacaíocht phraiticiúil agus léargais thar a bheith luachmhar le linn an phróisis scannánóireachta. Lena chois sin, déanfaidh Oifig Scannán Chomhairle Contae Dhún na nGall cuidiú teagmhálach a thairiscint agus comhairle maidir le láithreacha don scannánaíocht. Cinnteoidh siad go bhfuil na ceadanna cuí faighte don scannánaíocht agus cothóidh siad ceangal idir déantóirí scannán agus criú, seirbhísí, lóistín agus aisteoirí breise. Tá an tseirbhís seo mar a bheadh brat cumhdaigh ann don iarratasóir agus beidh an méid a fhoghlaimeoidh siad ina thacaíocht dóibh agus iad ag cur isteach ar mhaoiniú ó chomhlachtaí náisiúnta. 

Rachaidh an Dámhachtain chun tairbhe don éiceachóras de thallann atá ag teacht chun cinn sa chontae, ag tógáil ar scileanna agus ar inniúlacht. Bronnfar an dámhachtain seo ar dhaoine a bhfuil baint acu le Dún na nGall agus atá ag obair leis an eacnamaíocht chruthaitheach a fhorbairt. Ní mór don léiritheoir, stiúrthóir nó scríbhneoir a bheith ag cur fúthu sa chontae agus go ndéanfar an scannánaíocht i nDún na nGall. Leis an bhuiséad atá curtha ar fáil, beidh deis iontach ag daoine san earnáil borradh a chur faoina gcuid oibre. Beidh áilleacht agus tallann an chontae le feiceáil mar chuid den dámhachtain seo, rud atá fíordheas. Tabharfar an muinín dóibh sin a n-éiríonn leo maoiniú a fháil, dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm bheatha. 

Tá iarratais á nglacadh ó dhéantóirí scannán a bhfuil script forbartha acu; script atá feicthe ag Stiúrthóir, agus a raibh ionchur ag Léiritheoir ann. Tá an Oifig Scannán ag cuartú bunscéalta siamsúla ó dhéantóirí scannán agus má éiríonn leo, déanfar scannánaíocht ar na scéalta sin i gContae Dhún na nGall. 

Dúirt Aideen Doherty ó Oifig Scannán Dhún na nGall, “Tá an Ciste seo ann chun tacaíocht a chur ar fáil do Scríbhneoirí, do Léiritheoirí agus do Stiúrthóirí atá lonnaithe sa Chontae. Tá daoine atá ag obair san earnáil seo tiomanta dá gceird agus tá súil againn tacú lena n-inniúlacht agus lena gcuid scéalta agus scileanna a fhorbairt. Tá Oifig Scannán Dhún na nGall buíoch den Chlár Náisiúnta Éire Ildánach 2023-2027 as a dtacaíocht leanúnach agus as an deis seo a thabhairt don chontae”.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag na naisc thíos nó ag www.donegalcoco.ie 

Táthar ag glacadh le hiarratais go dtí 29 Aibreán 2025 ag 4in. 

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh iarratais don Chiste um Thallann ag teacht chun cinn ó iarratasóirí beag bean ar inscne, ar chlaonadh gnéis, ar aois, ar eitneacht, más ball den Lucht Siúil iad, ar mhíchumas, ar reiligiún, ar stádas teaghlaigh nó ar chúlra socheacnamaíoch. Tá siad tiomanta do dheis chothrom a thabhairt do gach iarratasóir. Tá súil ag an Chomhairle go léireoidh na hiarratais a chuirfear isteach don Chiste um Thallann ag teacht chun cinn, éagsúlacht na bpobal atá i nDún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Iúil 2025

Staraí Cónaithe le ceapadh do Thionscadal Cartlainne Chontae Dhún na nGall

Ón bhliain 2012, tá an tSeirbhís Cartlainne agus Músaem Chontae Dhún na nGall páirteach i roinnt imeachtaí a bhaineann le Comóradh Deich mBliana na gCuimhneachán i gContae Dhún na nGall. Tá móreachtraí stairiúla á gcomóradh againn go fóill agus dá bharr sin, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall Staraí Cónaithe a cheapadh chun tacú le cur i bhfeidhm Phlean Comórtha na Comhairle in 2025.

Image text description

Date: 25 Meith 2025

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall i Músaem Chontae Dhún na nGall

Tá Músaem Chontae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh duit súil a chaitheamh ar thionscadal grianghrafadóireachta MNÁ 100 (Dún na nGall), an Satharn seo, 28 Meitheamh idir 2-4pm.

Image text description

Date: 18 Meith 2025

Leabhar scríofa i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil leabhar foilsithe anois atá spreagtha ag an scríbhneoir mór le rá Flann O' Brien nó Brian Ó Nualláin. Scríobh daltaí i nDún na nGall agus i dTír Eoghain an leabhar seo agus tá meascán de scríbhneoireacht i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais ann.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)