Date: 28 Lún 2025
Ceiliúradh lán dathanna agus spraoi ag Mela Dhún na nGall i Leitir Ceanainn

B’iontach an lá a bhí taobh amuigh d’Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn Dé Sathairn seo a chuaigh thart nuair a bhí Mela Dhún na nGall ar siúl don dara bliain as a chéile. Ó thus an tráthnóna bhí an áit lán le ceol, le boladh breá an bhia as fud fad na cruinne agus le buillí na ndamhsaí traidisiúnta, fíorcheiliúradh cultúrtha agus pobail.
Bhí an t-imeacht arna eagrú ag Ionad Pobail Indiach Leitir Ceanainn, le tacaíocht ó Sheirbhís Ealaíon Dhún na nGall, ó Aonad um Chuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Amharlcann an Ghrianáin. Tugadh ardán do chultúr na hIndia agus do thraidisúin éagsúla an domhain. Bhí clár cuimsitheach curtha ar fáil do theaghlaigh ina raibh léirithe, seastáin bhia, cluichí agus taispeántais cheardaíochta. Bhí deis ag páistí a bheith rannpháirteach sa spraoi agus ag turasóirí a ndúil a bhaint as an atmaisféar.
Reáchtáladh an t-imeacht mar chuid de Straitéis Chuimsitheach Eiticiúil na Comhairle a bhaineann le Daoine Gorma agus Grúpaí Mionlaigh le tacaíocht ó Sheirbhís Ealaíon agus ó Aonad um Chuimsiú Sóisialta na Comhairle. Is é aidhm na straitéise ná a chinntiú go mbíonn fearadh na fáilte roimh gach duine agus nach mothaíonn duine ar bith go bhfuil siad fágtha ar lár i ngné ar bith de shaol an chontae.
Bhí an Clr. Ciaran Brogan, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn–Bhaile na nGallóglach i láthair agus mhol sé an obair a chuir an lucht eagraithe, na taibhealaíontóirí agus na hoibrithe deonacha isteach sa lá seo. “Cuireann a mhacasamhail d’imeacht i gcuimhne dúinn go neartaíonn an éagsúlacht ár bpobal agus gur áit iontach é Dún na nGall le cónaí ann,” a dúirt sé.
Thug meascán de cheol, de dhamhsa agus de bhia Mela Dhún na nGall blaiseadh de chultúr na hInida agus de thraidisiúin eile an domhain do dhaoine agus tharraing sé aird ar an éagsúlacht chultúrtha atá ag dul i méid i nDún na nGall.
Seo an dara bliain den imeacht agus is cinnte go bhfuil Mela Dhún na nGall ar cheann de mhórimeachtaí cultúrtha an chontae, ina dtagann daoine le ceiliúradh a dhéanamh ar bhia, ar chairdeas agus ar na healaíona.