Skip to main content

August

Glac 5 – Cleachtóir Cónaithe Cultúir & Cruthaitheachta – Gairm Oscailte – Dún na nGall

Date: 21 Lún 2025

Cultúr

Glac 5 – Cleachtóir Cónaithe Cultúir & Cruthaitheachta – Gairm Oscailte – Dún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, in éineacht le Cur Chun Cinn agus Feabhsú na Sláinte de chuid FSS, Limistéar Cúraim Sláinte Comhtháite, Dún na nGall, ar lorg Painéal Cleachtóirí a bhfuil taithí acu don chlár Glac 5 – Sláinte agus Folláine Chruthaitheach an Oileáin Chomhroinnte – le bheith ag obair le pobail i gContae Dhún na nGall.

Idir mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair 2025, beidh an clár Glac 5 – Sláinte agus Folláine Chruthaitheach an Oileáin Chomhroinnte, ag obair le pobail ar fud Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, agus beidh cur chuige comhdheartha cruthaitheach acu i leith na sláinte agus na folláine.

Is é an aidhm atá leis an chlár ná bunchloch a leagan do na rannpháirtithe sa dóigh is go mothaíonn siad ar a suaimhneas, go gcothaíonn siad féinmhuinín agus teacht aniar, agus go bhforbraíonn siad meon cruthaitheach ach léargas eile a thabhairt ar an saol. Sa chlár, comhtháthófar na healaíona, an cultúr, agus cleachtaí folláine don fholláine mheabhrach, mhothúchánach, agus choirp.

 

Treoir Glac 5 Cleachtóir Cónaithe Cultúir & Cruthaitheachta – Dún na nGall

Foirm Iarratais Cleachtóir Cónaithe Cultúir & Cruthaitheachta  Dún na nGall

 

Dáta deiridh le haghaidh iarratas

12 Meán lae, Dé Luain 1 Meán Fómhair 2025


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)