Skip to main content

August

Ceiliúradh lán le dathanna agus spraoi ag Mela Dhún na nGall i Leitir Ceanainn

Date: 28 Lún 2025

Cultúr

Ceiliúradh lán le dathanna agus spraoi ag Mela Dhún na nGall i Leitir Ceanainn

Roinnt den lucht éisteachta ag baint sult as an cheiliúradh ag Mela Dhún na nGall
Roinnt den lucht éisteachta ag baint sult as an cheiliúradh ag Mela Dhún na nGall

B’iontach an lá a bhí taobh amuigh d’Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn Dé Sathairn seo a chuaigh thart nuair a reáchtáladh Mela Dhún na nGall don dara bliain as a chéile. Ó thus an tráthnóna bhí an áit lán le ceol, le blaiseadh bia as fud fad na cruinne agus le buillí na ndamhsaí traidisiúnta - fíorcheiliúradh cultúrtha agus pobail.

Bhí an t-imeacht arna eagrú ag Ionad Pobail Indiach Leitir Ceanainn, le tacaíocht ó Sheirbhís Ealaíon Dhún na nGall, ó Aonad um Chuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Amharlcann an Ghrianáin. Tugadh ardán do chultúr na hIndia agus do thraidisiúin éagsúla an domhain. Bhí clár cuimsitheach curtha ar fáil do theaghlaigh ina raibh léirithe, seastáin bhia, cluichí agus taispeántais cheardaíochta. Bhí deis ag páistí a bheith rannpháirteach sa spraoi agus ag turasóirí a ndúil a bhaint as an atmaisféar.
 
Reáchtáladh an t-imeacht mar chuid de Straitéis Chuimsitheach Eiticiúil na Comhairle a bhaineann le Daoine Gorma agus Grúpaí Mionlaigh le tacaíocht ó Sheirbhís Ealaíon agus ó Aonad um Chuimsiú Sóisialta na Comhairle. Is é aidhm na straitéise ná a chinntiú go mbíonn fearadh na fáilte roimh gach duine agus nach mothaíonn duine ar bith go bhfuil siad fágtha ar lár i ngné ar bith de shaol an chontae. 

Bhí an Clr. Ciaran Brogan, Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn–Bhaile na nGallóglach i láthair agus mhol sé an obair a chuir an lucht eagraithe, na taibhealaíontóirí agus na hoibrithe deonacha isteach sa lá seo. “Cuireann a mhacasamhail d’imeacht i gcuimhne dúinn go neartaíonn an éagsúlacht ár bpobal agus gur áit iontach é Dún na nGall le cónaí ann,” a dúirt sé. 

Thug meascán de cheol, de dhamhsa agus de bhia Mela Dhún na nGall blaiseadh de chultúr na hInida agus de thraidisiúin eile an domhain do dhaoine agus tharraing sé aird ar an éagsúlacht chultúrtha atá ag dul i méid i nDún na nGall.

Seo an dara bliain den imeacht agus is cinnte go bhfuil Mela Dhún na nGall ar cheann de mhórimeachtaí cultúrtha an chontae, ina dtagann daoine le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhia, ar chairdeas agus ar na healaíona. 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)