Skip to main content

August

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste) (1)

Date: 15 Lún 2025

Corparáideach

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste)

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae, 18 Lúnasa, 2025.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar an airdeall agus a chinntiú nach dtarlaíonn tinte portaigh. Impíonn an Chomhairle ar úinéirí talaimh agus ar an phobal gan aon ní a dhéanamh a thiocfaí tús a chur le tine phortaigh.

Iarrtar ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar a n-airdeall agus an tseirbhís dóiteáin a chur ar an eolas sa chás go bhfuil tine imithe ó smacht nó mura bhfuil iarrachtaí ar bun le tine a chur faoi smacht. Is féidir glaoch a chur ar 999 nó 112.

Moltar d’úinéirí tí nó iad sin a bhfuil maoin acu in áit a d’fhéadfadh tine phortaigh a bheith, fáil réidh le fásra atá gar don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, sin nó é a ghearradh chun nach ndéanfaí damáiste dá maoin. Ní mór go gcoinneofaí aon spás atá glan, saor ó fhásra agus ó ábhar indóite.

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall cur i gcuimhne d’úinéirí talaimh agus don phobal, go bhfuil sé mídhleathach aon fhásra atá ar thalamh nach talamh curaíochta é, a ghearradh, a rúscadh, a dhó nó a mhilleadh, idir 1 Márta agus 31 Lúnasa in aon bhliain, faoin Acht um Fhiadhúlra 1976 agus 2000.

Táthar ag cur i gcuimhne arís don phobal go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl tí, thionsclaíoch, talmhaíochta nó tógála a dhó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 14 Aib 2026

Teachtaireacht ar Bhás Mháire Uí Bhraonáin

Thar cheann Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Paul Canning, chomhaltaí tofa agus bhaill foirne na Comhairle, is oth linn bás Mháire Uí Bhraonáin, a bhí ina ball den ghrúpa ceoil 'Clannad' agus ar bronnadh an gradam 'Saoirse an Chontae' uirthi in 2024. Is mór an lorg atá fágtha ag a saothar ceoil agus cultúir, bíodh sin i nDún na nGall - a fód dúchais, nó ar fud an domhain mhóir. Ár gcomhbhrón lena clann, lena cairde, agus leofa sin uilig a bhí faoi chomaoin mhór ag a tallann iontach agus ag a spiorad séimh. Ar Dheis Dé go raibh a hanam.

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)