Skip to main content

December

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde ar fáil saor in aisce ar líne

Date: 11 Noll 2025

Cultúr

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde ar fáil saor in aisce ar líne

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde ar fáil anois go digiteach, saor in aisce ar líne. 

Ar an Fhaiche Mhór, An Craoslach a rugadh Niall, Oíche Shamhna 1861. Bhain sé cáil amach mar chumadóir amhrán agus gníomhaí teanga. Ba é a chum 'Mo Chró Beag ag Bun Chnoc an Tí', 'An Trucailín Donn' agus 'Noreen Bawn’.

Cuireadh fíneáil air in 1905 siocair a ainm a bheith scríofa i nGaeilge ar a charr capaill. Ag an am sin, bhí na céadta cainteoir Gaeilge á gciontú ar chúiseanna a bhain le húsáid na Gaeilge, agus fíneálacha á ngearradh orthu dá bharr. Tugadh an cás chun na hArd-Chúirte agus bhí Pádraig Mac Piarais mar abhcóide aige. Cé gur chaill siad an cás, bhí éacht bainte amach ag Niall mar dhuine a sheas an fód ar son na Gaeilge. 

Foilsíodh an bheathaisnéis seo den chéad uair in 1939. Níl cóipeanna den leabhar ar fáil go forleathan i láthair na huaire. Mar sin féin, mar gheall ar an togra a thug Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall faoi, tá leagan digiteach den leabhar ar fáil anois saor in aisce do léitheoirí ar fud an domhain.   

Ár mbuíochas don Ghúm a thug cead dúinn an leabhar a chur ar fáil.

Seolfaidh an Comhairleoir Michael McClafferty, Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach an leagan digiteach den bheathaisnéis Déardaoin, 11 Nollaig ag 6.30pm sa Hub, An Craoslach. Tabharfaidh an Comhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas don togra ar an oíche fosta.

Tá an ócáid seo eagraithe ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall i gcomhpháirt le LPT Tuaisceart Dhún na nGall. Cuireann an eagraíocht seo agus an tOifigeach Pleanála Teanga atá ceaptha sa limistéar Michelle Nic Pháidín, an Ghaeilge chun cinn ar fud an cheantair. D’eagraigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus LPT Tuaisceart Dhún na nGall féile a rinne comóradh ar ghaiscí Néill i mí na Bealtaine, maoinithe ag Éire Ildánach.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi imeachtaí leabharlainne, tabhair cuairt ar www.donegalculture.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @Donegallibrary ar Twitter agus Instagram. 

Thig leat an leabhar féin a léamh anseo: https://issuu.com/donegalculture/docs/niall_mac_giolla_bhr_de?fr=sY2MwNjg0MDI5MjU


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)