Skip to main content

February

Glac páirt i gCruinniú na nÓg 2025!

Date: 28 Feabh 2025

Cultúr

Glac páirt i gCruinniú na nÓg 2025!

Beidh Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta do Pháistí agus do Dhaoine Óga, ar éirigh thar cionn leis, ar siúl i mbliana Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025. Anseo i nDún na nGall, tá muid iontach bródúil as na gníomhaíochtaí, as na himeachtaí agus as na comhpháirtithe agus Cruinniú na nÓg i nDún na nGall ar cheann de na cinn is fearr sa tír le blianta beaga anuas, le himeachtaí ar fud an chontae.


Chun cur leis seo, tá Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag lorg moltaí nua ó chleachtóirí, ó ghrúpaí pobail agus ó eagraíochtaí le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha a chuirfidh deiseanna ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga rudaí éagsúla a dhéanamh, a thriail nó a fheiceáil ina gceantar féin.


Ba cheart go mbeadh an Suirbhé 'Guth an Pháiste', a d'iarr ar pháistí ar fud an chontae a gcuid smaointe don lá a roinnt, a bheith lárnach sna moltaí a chuirtear chun cinn. Is féidir iad seo a fheiceáil ag donegalculture.ie.

Léiriú spéise – gairm oscailte

Tá béim á leagan ag Cruinniú na nÓg ar rudaí a dhéanamh agus a chruthú. Tá an ghairm oscailte seo ag lorg cleachtóirí, ionaid, eagraíochtaí nó grúpaí pobail chun moltaí a dhéanamh imeacht a reáchtáil ina bpobal féin.


Moltar do chleachtóirí cruthaitheacha a bhíonn ag plé le foirm mheán nó ealaíne ar bith togra a chur isteach, i réimsí na hamharclannaíochta, an damhsa, an cheoil, na ceoldrámaíochta, na scannánaíochta, an tsorcais, an taibhithe, an fhaisin, na grianghrafadóireachta, na n-amharcealaíon, na n-ealaíon digiteach, na litríochta agus na scéalaíochta, na healaíne sráide nó an taispeántais, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.


Chomh maith leis sin, moltar do chleachtóirí le scileanna traidisiúnta nó do dhaoine eile a bhfuil saineolas acu ar réimsí amhail fána/bithéagsúlacht, saol na tuaithe, seandálaíocht, oidhreacht thógtha, stair, ailtireacht dhúchasach nó aon réimse gaolmhar a chur chun cinn le taispeáint cad é mar a thiocfadh leo tionscadal a reáchtáil do Chruinniú na nÓg.


Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó phobail i ngach cearn den chontae, agus caithfear tionscadail nó imeachtaí a reáchtáil nó a chur i gcrích Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025.


Tá Cruinniú na nÓg maoinithe ag Foireann Éire Ildánach, Dún na nGall. Moltar do mholtóirí imeachtaí aighneachtaí réadúla a dhéanamh maidir le scála agus costais agus leithdháilfear maoiniú ar na himeachtaí sin is fearr a chomhlíonann cuspóirí Chruinniú na nÓg mar atá leagtha amach san fhoirm iarratais.


Is féidir foirmeacha togra Chruinniú na nÓg a íoslódáil ag www.donegalculture.ie. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig CreativeIreland@donegalcoco.ie faoin Domhnach, 23 Márta 2025.


Is tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é Cruinniú na nÓg agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus le hÚdaráis Áitiúla.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 21 Ean 2026

Ceoltóirí as Gach Pobal ag Teacht le Chéile trí PEACEPLUS: An Clár ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’, ar fiú €75,000 é.

Tiocfaidh ceoltóirí as gach pobal le chéile - ag comhoibriú, ag cruthú agus ag nascadh trí thionscadal tiomnaithe léirithe ceoil. Déanfaidh Póca Productions, i gcomhar leis an Ionad Cultúrtha Réigiúnach agus Comhpháirtíocht PEACEPLUS Chomhairle Contae Dhún na nGall, ceiliúradh ar sheoladh oifigiúil ‘Ardaigh an Fhuaim ar son Comhionannais’ - clár a bheas ar bun ar fud an chontae.

Image text description

Date: 12 Ean 2026

Blinkist. Sársmaointe – faoi cheann ceathrú uaire

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an t-ábhar digiteach is úrnua dá cuid a dtugtar Préimh Blinkist air, ar fáil saor in aisce d’aon sealbhóir cárta atá cláraithe. I gcomhpháirtíocht le Library Ideas, LLC, tá Dún na nGall i gcomhar le leabharlanna ar fud an domhain ag cinntiú go bhfuil rochtain ag daoine ar Blinkist – ardán le haghaidh foghlaim fad saoil.

Image text description

Date: 09 Ean 2026

Tús curtha le Read DL 26 ar ‘Around the Northwest’ le John Breslin

Cuireadh tús le Read DL 2026 Déardaoin 8 Eanáir 2026. Seoladh ar an chlár ‘Around the Northwest’ é le John Breslin ar Raidió Highland. Is é an leabhar atá roghnaithe i mbliana ná ‘The Boy with Big Decisions’ le Helen Rutter.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)