Skip to main content

February

Glac páirt i gCruinniú na nÓg 2025!

Date: 28 Feabh 2025

Cultúr

Glac páirt i gCruinniú na nÓg 2025!

Beidh Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta do Pháistí agus do Dhaoine Óga, ar éirigh thar cionn leis, ar siúl i mbliana Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025. Anseo i nDún na nGall, tá muid iontach bródúil as na gníomhaíochtaí, as na himeachtaí agus as na comhpháirtithe agus Cruinniú na nÓg i nDún na nGall ar cheann de na cinn is fearr sa tír le blianta beaga anuas, le himeachtaí ar fud an chontae.


Chun cur leis seo, tá Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag lorg moltaí nua ó chleachtóirí, ó ghrúpaí pobail agus ó eagraíochtaí le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha a chuirfidh deiseanna ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga rudaí éagsúla a dhéanamh, a thriail nó a fheiceáil ina gceantar féin.


Ba cheart go mbeadh an Suirbhé 'Guth an Pháiste', a d'iarr ar pháistí ar fud an chontae a gcuid smaointe don lá a roinnt, a bheith lárnach sna moltaí a chuirtear chun cinn. Is féidir iad seo a fheiceáil ag donegalculture.ie.

Léiriú spéise – gairm oscailte

Tá béim á leagan ag Cruinniú na nÓg ar rudaí a dhéanamh agus a chruthú. Tá an ghairm oscailte seo ag lorg cleachtóirí, ionaid, eagraíochtaí nó grúpaí pobail chun moltaí a dhéanamh imeacht a reáchtáil ina bpobal féin.


Moltar do chleachtóirí cruthaitheacha a bhíonn ag plé le foirm mheán nó ealaíne ar bith togra a chur isteach, i réimsí na hamharclannaíochta, an damhsa, an cheoil, na ceoldrámaíochta, na scannánaíochta, an tsorcais, an taibhithe, an fhaisin, na grianghrafadóireachta, na n-amharcealaíon, na n-ealaíon digiteach, na litríochta agus na scéalaíochta, na healaíne sráide nó an taispeántais, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.


Chomh maith leis sin, moltar do chleachtóirí le scileanna traidisiúnta nó do dhaoine eile a bhfuil saineolas acu ar réimsí amhail fána/bithéagsúlacht, saol na tuaithe, seandálaíocht, oidhreacht thógtha, stair, ailtireacht dhúchasach nó aon réimse gaolmhar a chur chun cinn le taispeáint cad é mar a thiocfadh leo tionscadal a reáchtáil do Chruinniú na nÓg.


Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó phobail i ngach cearn den chontae, agus caithfear tionscadail nó imeachtaí a reáchtáil nó a chur i gcrích Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025.


Tá Cruinniú na nÓg maoinithe ag Foireann Éire Ildánach, Dún na nGall. Moltar do mholtóirí imeachtaí aighneachtaí réadúla a dhéanamh maidir le scála agus costais agus leithdháilfear maoiniú ar na himeachtaí sin is fearr a chomhlíonann cuspóirí Chruinniú na nÓg mar atá leagtha amach san fhoirm iarratais.


Is féidir foirmeacha togra Chruinniú na nÓg a íoslódáil ag www.donegalculture.ie. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig CreativeIreland@donegalcoco.ie faoin Domhnach, 23 Márta 2025.


Is tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é Cruinniú na nÓg agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus le hÚdaráis Áitiúla.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

LSanna leabharlann Bhaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)