Skip to main content

January

Bunú Grúpa Comhordaithe Áitiúil i nDún na nGall agus Bunú Moil Éigeandála Pobalbhunaithe ar fud an Chontae

Date: 29 Ean 2025

Corparáideach

Bunú Grúpa Comhordaithe Áitiúil i nDún na nGall agus Bunú Moil Éigeandála Pobalbhunaithe ar fud an Chontae

Cuireadh de chúram ag Oifig an Taoisigh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall Grúpa Comhordaithe Áitiúil a bhunú sa Chontae chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine is leochailí inár bPobail atá go fóill gan cumhacht leictreachais agus soláthar uisce i ndiaidh Stoirm Éowyn.

Tháinig an Grúpa Comhordaithe Áitiúil le chéile Dé Luain 27 Eanáir, agus arís Dé Máirt 28 Eanáir. Tá ionadaithe ó na príomhghníomhaireachtaí leasmhara ar fad sa chontae sa Ghrúpa seo, chomh maith le Cuideachtaí Comhpháirtíochta Áitiúla, an Earnáil Phobail agus Dheonach, ionadaithe ó Sheirbhísí Óige chomh maith le seirbhísí do Dhaoine Scothaosta. 

Áirítear ar na Grúpaí an Chomhairle, BSL, Uisce Éireann, an Roinn Coimirce Sóisialaí, FSS, Gardaí, Cosaint Shibhialta, ALONE i measc go leor leor  eile.

Tá Líne Chabhrach Tacaíochta Pobail bunaithe ag an Chomhairle fosta - 1800 832 015 ó 9.00am go 4.30pm an tseachtain seo. Thig leis an phobal teagmháil a dhéanamh linn fosta ar 
ár seoladh r-phoist tacaíochta faoi leith ar humanitarianassistance@donegalcoco.ie

Chomh maith leis an mhéid thuasluaite, iarradh ar an Chomhairle tacaíocht a thabhairt do Phobail áitiúla, do Chlubanna Spóirt agus do ghrúpaí eile, atá sásta a n-áitreabh a oscailt chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar ag an am seo do bhaill a bpobail a bhfuil gá acu leo. 

Áirítear ar na seirbhísí seo Áiseanna Luchtaithe Teileafóin agus TF, Cithfholcadáin, Áiseanna Cócaireachta agus Áiseanna Níocháin.

Tá cuidiú thar na bearta faighte ó ghrúpaí ar fud an chontae go dtí seo. Agus é seo á scríobh, tá 38 ionad pobail againn a thug freagra dearfach ar an iarratas seo agus a n-áiseanna curtha ar fáil acu, agus tá méadú ag teacht ar an líon seo t-am ar fad. 

Tá Léarscáil idirghníomhach foilsithe ag an Chomhairle ar ár Láithreán Gréasáin (www.donegalcoco.ie) ar a bhfuil sonraí faoi na hIonaid, amanna oscailte agus áiseanna atá ar fáil, agus mar sin de.

Thig teacht ar an Léarscáil anseo

Tá liosta iomlán na n-ionad leagtha amach sa tábla atá ceangailte leis seo

Beidh liosta na n-ionad seo á uasdátú ag an Chomhairle Contae de réir mar atá tuilleadh sonraí ar fáil.

Tiocfaidh an Grúpa Comhordaithe Áitiúil le chéile arís tráthnóna Déardaoin chun an cás a mheas ag an am sin agus muid ag druidim leis an deireadh seachtaine.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 19 Meith 2025

Comhairle Contae Dhún na nGall chun ceiliúradh a dhéanamh ar Do Lá sa Chomhairle 2025

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall páirteach le húdaráis áitiúla eile ar fud na hÉireann Dé hAoine, 27 Meitheamh chun Do Lá Sa Chomhairle a cheiliúradh, feachtas náisiúnta a chuireann obair ríthábhachtach na gcomhairlí cathrach agus contae chun cinn chomh maith leis na daoine atá taobh thiar de na seirbhísí a thacaíonn lenár bpobail gach lá.

Image text description

Date: 17 Meith 2025

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach ar Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Niamh Kennedy, ar an Dr Maire Hainsworth ó Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 16 Beal 2025

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste) - 15/5 - 19/5

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae, 19th Bealtaine2025.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)