Skip to main content

June

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall i Músaem Chontae Dhún na nGall

Date: 25 Meith 2025

Cultúr

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall i Músaem Chontae Dhún na nGall

Tionscadal grianghrafadóireachta mar chuid de chlár comhtháthaithe pobalbhunaithe arna éascú ag Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain i gcomhar le hIonad Ban Dhún na nGall agus Tionscadal Athlonnaithe Teifeach na Siria.
Tionscadal grianghrafadóireachta mar chuid de chlár comhtháthaithe pobalbhunaithe arna éascú ag Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain i gcomhar le hIonad Ban Dhún na nGall agus Tionscadal Athlonnaithe Teifeach na Siria.

Tá Músaem Chontae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh duit súil a chaitheamh ar thionscadal grianghrafadóireachta MNÁ 100 (Dún na nGall), an Satharn seo, 28 Meitheamh idir 2-4pm. Rinne Músaem Chontae Dhún na nGall coimisiúnú ar an saothar seo mar chuid den Chlár Comórtha 2024 agus bhí sé faoi stiúir an ealaíontóra Marie Barrett. Dhírigh sé ar mhná atá gníomhach i bhforbairt pobail agus i gceartas sóisialta ar fud Chontae Dhún na nGall.

Roghnaíodh na mná seo de bharr an ról atá acu mórcheisteanna an lae inniu a bhaineann le feiceálacht agus le róil na mban sa tsochaí a mhúnlú. Cuireadh béim sa tionscadal seo ar a gcuid iarrachtaí le hathrú sóisialta agus forbairt a chothú - tugtar léargas ar na mná seo ina bpobal agus ina dtimpeallacht oibre féin. I measc na n-eagraíochtaí a bhí rannpháirteach sa tionscadal bhí Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, Tionscadal Changemakers, Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall, Tionscadal Lucht Siúil Dhún na nGall agus Comhchoiste na mBan i nDún na nGall. Maoinithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Tá fáilte roimh gach duine ar an Satharn agus tá saorchead isteach. Tá an Músaem suite ar an Bhóthar Ard, Leitir Ceanainn, F92 K123. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil linn ar 074 9124613. R-phost: museum@donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)