Date: 17 Meith 2025
Bronnadh déanta ag Cathaoirleach ar Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall

Bhronn Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Niamh Kennedy €7,525 i bhfoirm seic ar an Dr Marie Hainsworth, Príomhfheidhmeannach Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall ar na mallaibh, airgead a bailíodh ó cheolchoirm speisialta le Moya Brennan agus Mairéad Ní Mhaonaigh agus a gcairde, a bhí ar siúl in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn ar Aoine an Chéasta, 18 Aibreán 2025.
I measc na siamsóirí speisialta ar an oíche, bhí na Friel Sisters, Maura Logue agus Valerie Bryce, ealaíontóirí na bhfocal labhartha George Houston ó Bhun Cranncha – a bhí le feiceáil ar Later i gcuideachta Jules Holland thar an deireadh seachtaine – na hamhránaithe agus scríbhneoirí ó Ghaoth Dobhair Larabel agus Eoghan Ó Fearraigh, agus Cór na mBan Óg, Danu, a bhfuil duaiseanna buaite acu.
Ceolchoirm í a d’eagraigh an Cathaoirligh, An Clr Kennedy, a raibh sprioc aici ‘aird a dhíriú ar cheist an-tromchúiseach an fhoréigin agus na mí-úsáide teaghlaigh agus airgead a bhailiú do Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall, a chuireann ar a gcumas tithe sábháilte a sholáthar do theaghlaigh agus do dhaoine aonair a bhfuil cosaint ag teastáil uathu’.
Is mian leis an Clr Kennedy agus an Dr Hainsworth buíochas ó chroí a ghabháil leis an phobal a thug tacaíocht ollmhór don ócáid seo, do Moya agus Mairéad agus do na siamsóirí ar fad a ghlac páirt sa Cheolchoirm. Buíochas fosta do na hoibrithe in Amharclann An Ghrianáin agus do bhaill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall a chinntigh go raibh ord agus eagar ar gach rud don cheolchoirm proifisiúnta seo.