Skip to main content

June

Clár Samhraidh Spreagúil do Pháistí seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall

Date: 03 Meith 2025

Cultúr

Clár Samhraidh Spreagúil do Pháistí seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall

Daltaí ó Scoil Mhuire Gan Smál, Leitir Ceanainn le Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach Gerry McMonagle agus foireann leabharlainne ag seoladh Réalta Samhraidh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ar na mallaibh
Daltaí ó Scoil Mhuire Gan Smál, Leitir Ceanainn le Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach Gerry McMonagle agus foireann leabharlainne ag seoladh Réalta Samhraidh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ar na mallaibh

Tá Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall ar bís le clár imeachtaí cuimsitheach do pháistí a fhógairt an samhradh seo. Ón 3 Meitheamh, cuirfidh an tseirbhís réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil ina cuid brainsí, a chruthaíonn timpeallacht spraíúil agus rannpháirteach.

Tá sé mar aidhm ag an leabharlann grá ar feadh an tsaoil a chothú do leabhair, do léitheoireacht agus do leabharlanna i measc páistí ar gach aois trí shraith de cheardlanna praiticiúla, trí sheisiúin am scéalaíochta beo, agus trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha a chur ar fáil.

Geallann an clár réimse gníomhaíochtaí éagsúla a spreagfaidh spéiseanna éagsúla i bpáistí. I measc na n-imeachtaí beidh galf, dúshláin Lego, ranganna ealaíne agus péinteála, ealaín manga, ceol teicneo do pháistí óga, puipéadóireacht agus ceardlanna déanta bráisléad. Cinntíonn an clár Réalta Samhraidh go bhfuil rud inteacht ann do chách.

Déanfar gach rannpháirtí a ghríosú ón uair a chláraíonn siad don chlár Réalta Samhraidh. Chun cuspóirí léitheoireachta a spreagadh, beidh duaiseanna ar fáil dóibh siúd a chláraíonn don chlár ina leabharlann áitiúil. Lena chois sin, i mbliana, beidh deis ag páistí a thógann leabhair Ghaeilge ar iasacht duaiseanna speisialta a bhaint, a bhuíochas do chomhpháirtíocht Rannóg na Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall.

Mar chuid dár n-iarrachtaí le Síol na Léitheoireachta a Chur, is féidir le rannpháirtithe an chláir samhraidh 2025 a bheith ag súil le leabharmharc speisialta a fháil a bhfuil síol lus na gréine ann. Cuirfidh seo ar chumas páistí ar fud an chontae sult a bhaint as a bheith ag coimhéad ar a gcuid bláthanna ag fás agus ag bláthú.

Ag labhairt dó ag seoladh na féile dúirt Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, an Comhairleoir Gerry McMonagle, “Tá an-áthas orm an clár iontach seo a sheoladh. Déanann réimse na n-imeachtaí atá ar fáil ar fud leabharlanna an chontae clár ar leith den chlár samhraidh seo. Ag amharc ar an chlár, tchím go bhfuil níos mó ná céad imeacht beartaithe. Thig le costas mór a bheith ar theaghlaigh páistí a chur chuig campaí samhraidh ach tá gach imeacht sna leabharlanna saor in aisce, rud a chinntíonn gur féidir le gach páiste ar fud an chontae a bheith páirteach ann. Molaim fosta an tiomantas atá léirithe ag na leabharlanna maidir le hinrochtaineacht agus ionchuimsitheacht.”

Tabhair cuairt ar do Leabharlann áitiúil i nDún na nGall chun do pháistí a chlárú don sceideal cuimsitheach imeachtaí. Seo deis dóibh bualadh le cairde úra, scileanna úra a fhoghlaim agus deis le duaiseanna a bhaint.

Chun níos mó eolais a fháil faoin fhéile lena n-áirítear eolas áirithinte agus amanna na n-imeachtaí tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir agus Cruthaiteachta 2026

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil glaoch oscailte ann ar ghrúpaí, eagraíochtaí, agus daoine aonair ar mian leo iarratas a chur isteach faoi Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2026. Bíonn na dámhachtainí seo á mbronnadh ag an Fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta mar chuid de Chlár na bPobal Ildánach, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Geansaithe na Nollag á Malartú

An bhfuil geansaí na Nollag agat a bhfuil a splanc caillte aige? Beidh Geansaithe na Nollag á Malartú i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ón Luan 8 Nollaig go dtí an Chéadaoin 17 Nollaig. Is imeacht é seo nach ndéanann dochar don timpeallacht, déantar athnuachan ar stór éadaí na Nollag agus bíonn deis ag daoine geansaithe na Nollag a thabhairt chun beochta arís.

Image text description

Date: 26 Samh 2025

Am Teaghlaigh i Do Leabharlann: Imeachtaí Spreagúla na Nollag do Theaghlaigh i Leabharlanna Dhún na nGall

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall an clár, Am Teaghlaigh i Do Leabharlann, a bhfuiltear ag súil go mór leis, a fhógairt, ar ceiliúradh féiltiúil é atá deartha chun teaghlaigh a spreagadh le bheith páirteach i ndraíocht na léitheoireachta agus na scéalaíochta i mí na Nollag seo!

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)