Skip to main content

June

Leabhar scríofa i nGaeilge, Béarla agus Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Date: 18 Meith 2025

Cultúr

Leabhar scríofa i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Cathaoirleach Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir, an Clr Martin Harley le daltaí agus múinteoirí ó Scoil Náisiúnta an Leifir agus le foireann ó Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ag seoladh an leabhair Abhainn-Burn-River i Leabharlann Leifir
Cathaoirleach Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir, an Clr Martin Harley le daltaí agus múinteoirí ó Scoil Náisiúnta an Leifir agus le foireann ó Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ag seoladh an leabhair Abhainn-Burn-River i Leabharlann Leifir

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil leabhar foilsithe anois atá spreagtha ag an scríbhneoir mór le rá Flann O'Brien nó Brian Ó Nualláin. Scríobh daltaí i nDún na nGall agus i dTír Eoghain an leabhar seo agus tá meascán de scríbhneoireacht i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais ann.

Abhainn-Burn-River an teideal atá ar an leabhar agus forbraíodh é i gceardlanna le páistí ó Scoil Náisiúnta Bhaile an Chaisleáin, Scoil Náisiúnta an Leifir, Gaelscoil Uí Dhochartaigh agus Bunscoil an tSratha Báin i Leabharlann an Leifir agus Leabharlann an tSratha Báin. D’fhorbair agus d’éascaigh na filí Alan Millar agus Dubhán Ó Longáin na ceardlanna a thug deis do na daoine óga dánta agus scéalta a scríobh i dtrí theanga.

Déanann an togra ar leith ceiliúradh ar oidhreacht teanga Dhún na nGall agus Thír Eoghain. Mar a dúirt Dubhán Ó Longáin “ní hamháin go dtagann trí abhainn le chéile ag Leifear agus An Srath Bán, ach trí theanga.” Tá sé sin léirithe i dteideal an leabhair. Aithníonn Alan Millar nach raibh cáil ar Flann O’Brien maidir le scríbhneoireacht Ultaise ach creideann sé “go n-oireann a chuid scríbhneoireachta ar leith don draíocht neamhchaighdeánach a bhaineann leis an Albainis.”

Rinneadh ceiliúradh ar an leabhar ag ócáid i Leabharlann Leifir le Cathaoirleach Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir, an Comhairleoir Martin Harley ar an Mháirt 17 Meitheamh. Thug an Comhairleoir Harley ardmholadh do na páistí agus luaigh sé “an t-éacht a raibh bainte amach acu agus leabhar foilsithe acu ag aois óg.”

Beidh ceiliúradh eile i Leabharlann an tSratha Báin. Beidh siompóisiam Flann O’Brien ar siúl ar an tSrath Bán ón 25 Meitheamh.


Beidh an leabhar ar fáil ar iasacht ó leabharlanna Dhún na nGall. Thig an leabhar a léamh ag an nasc seo fosta: 

https://issuu.com/donegalculture/docs/abhainn_-_burn_-_river

Is ó Éire Ildánach a tháinig maoiniú don togra seo agus chomhordaigh Leabharlanna Dhún na nGall agus Leabharlanna Thuaisceart Éireann an togra seo i gcomhpháirtíocht le chéile.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall tabhair cuairt ar @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Aib 2026

LSanna leabharlann Bhaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise (LSanna) ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Scéalaíocht le teacht an Earraigh 2026

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall clár iontach scéalaíochta agus imeachtaí a chur i láthair a thacaíonn le teaghlaigh le teacht an earraigh i mí Aibreáin seo. Tá an clár leabharlainne bliantúil seo deartha chun páistí óga a spreagadh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt agus ceiliúrann sé an tábhacht a bhaineann le teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile agus ag roinnt scéalta.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)