Skip to main content

March

Aitheantas tugtha do CLG Naomh Pádraig Uisce Chaoin ag Fáiltiú Cathartha

Date: 31 Márta 2025

Corparáideach

Aitheantas tugtha do CLG Naomh Pádraig Uisce Chaoin ag Ócáid Chathartha

Baill de CLG Naomh Pádraig Uisce Chaoin leis an Chathaoirleach Niamh Kennedy agus le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John G McLaughlin nuair a tugadh aitheantas don chlub as a gcuid éachtaí ag Ócáid Chathartha a d’eagraigh an Chomhairle. (North West Newspix)
Baill de CLG Naomh Pádraig Uisce Chaoin leis an Chathaoirleach Niamh Kennedy agus le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John G McLaughlin nuair a tugadh aitheantas don chlub as a gcuid éachtaí ag Ócáid Chathartha a d’eagraigh an Chomhairle. (North West Newspix)

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas do CLG Naomh Pádraig Uisce Chaoin, Inis Eoghain ag Ócáid Chathartha a bhí ar siúl in Áras an Chontae, Leifear tráthnóna Dé hAoine (28 Márta 2025).

D’éirigh leis an chlub Craobh Uladh a bhaint i bPeil na bhFear (sóisear) agus tá siad ar an chéad fhoireann as Dún na nGall ar éirigh leo fáil chuig Cluiche Ceannais na hÉireann i gCraobh Club na bhFear (sóisear) i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy i mbun an tsearmanais i gcuideachta Príomhfheidhmeannach na Comhairle, John G. McLaughlin, agus bhí Byran Cannon, Stiúrthóir ar Rannóg Bóithre agus Iompair na Comhairle ina fhear an tí. Bhí lúcháir ar Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy an ócáid seo a óstáil agus ag labhairt di, dúirt sí “Mar Chathaoirleach ar an Chomhairle seo, tréaslaím go mór leis na daoine seo, leis na bainisteoirí agus leis na cóitseálaithe a spreag agus a chothaigh na himreoirí óga seo le bheith ina seaimpíní de bharr an díograis agus an saineolas atá acu féin ar na cúrsaí seo. Is ábhar bróid don chlub agus do Leithinis Inis Eoghain é a thiomanta agus atá sibh d’fhás agus d’fhorbairt na n-imreoirí agus spreag sibh go leor eile le bheith páirteach sa chlub le blianta anuas. Is cinnte go bhfuil tagarmharc ard leagtha síos agaibh do chlubanna uile an chontae.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin an méid seo “Leis an éacht atá déanta ag an chlub – Craobh Uladh a bhaint agus a bheith i gCluiche Ceannais na hÉireann, ní hamháin go bhfuil barrfheabhas de dhíth ar bhonn aonair ach tá comrádaíocht agus tacaíocht de dhíth fosta leis seo a bhaint amach. Is cúis cheiliúrtha é an Fáiltiú Contae seo, a mhol an Clr. Crossan, agus inniu tá muid ag ceiliúradh croí an spioraid phobail agus cumhacht an chomhoibrithe.”

Bronnadh saothar greanta speisialta ar an Chlub chomh maith le scrolla oifigiúil, mar chomóradh ar an Ócáid Chathartha. Ghabh an Club buíochas leis an Chomhairle as aitheantas a thabhairt dóibh agus cuireadh sólaistí ar fáil i Seanteach na Cúirte i ndiaidh na hócáide. 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 03 DFómh 2025

Storm Amy - Donegal County Council issues updated public safety advice as Red Wind Warning Issued

With a Status Red Wind Warning in place for Donegal from 16:00 Friday 03/10/2025 to 18:00 Friday 03/10/2025, the public are urged to exercise extreme caution as Storm Amy has the potential to bring extremely strong and gusty southwest winds with potential impacts of fallen trees, damage to power lines, dangerous travelling conditions, structural damage and wave overtopping.

Image text description

Date: 02 DFómh 2025

Update Storm Amy - Donegal likely to bear the brunt of Storm Amy

Following previous advice, the public are reminded to exercise extreme caution as “Near gale force to gale force” winds to hit Donegal tomorrow and with the county likely to bear the brunt of Storm Amy as it sweeps across the Irish coast on Friday.

Image text description

Date: 11 MFómh 2025

Fógra ag iarraidh go ndéanfar machnamh ar scéim chun rataí ar réadmhaoin atá folamh a laghdú

Déantar foráil shonrach in Alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile 2019 go bhféadfaidh comhaltaí tofa in údarás áitiúil ar bith scéim a dhéanamh lena bhforáiltear do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil sa bhliain airgeadais áitiúil ina mbeidh an scéim i bhfeidhm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)