Skip to main content

March

Bí faoi dhraíocht ag Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin

Date: 31 Márta 2025

Cultúr

Bí faoi dhraíocht ag Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin

Tá oíche lán le ceol, le filíocht agus le scéalaíocht geallta ag Cabaret Idirchultúrtha a bheas ar siúl in Amharclann an Ghrianáin ar an Aoine 28 Márta idir 7in agus 9in. Tá an ócáid seo á reáchtáil ag Seirbhís Ealaíne Dhún na nGall. 

Is é Dagogo Hart, file, drámadóir agus taibheoir iomráiteach, príomh-mhír na hoíche. Chuir sé lucht féachana ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin faoi dhraíocht lena chuid saothair go dtí seo. Mar chuid dá chuid léirithe bríomhara, cíorann sé téamaí cosúil le féiniúlacht, oidhreacht agus ceangal cultúrtha, rud a chiallaíonn go bhfuil gné phearsanta agus dhomhanda lena chuid oibre.

Lena chois sin, beidh léirithe spleodracha ann ón Phobal Indiach i Leitir Ceanainn, ó Anne Omodara, ó Nasya Igelige agus ón cheoltóir mór la rá a bhfuil duaiseanna bainte aici, sin í Theresa Kavanagh. Beidh aoi speisialta léi ar an oíche agus cuirfidh siad beirt éagsúlacht a gcuid ealaíontachta agus scéalaíochta i láthair ar an ardán. Beidh Anda Luma ina bean an tí agus cothóidh sí atmaisféar beo bríomhar ar an oíche fosta.

Tá an ócáid seo saor in aisce a bhuíochas don tacaíocht a fhaightear ó Éire Ildánach, a chuireann an deis iontach ar fáil le saibhreas na n-ealaíon idirchultúrtha i nDún na nGall a cheiliúradh. Tá fáilte romhat a theacht agus tú féin a thumadh sa chruthaitheacht agus a bheith páirteach san oíche speisialta seo!

Tá an tionscadal seo arna thacú ag Éire Ildánach agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Image text description

Date: 09 Feabh 2026

Seoladh ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’

Is mór ag Músaem Chontae Dhún na nGall agus Seirbhís Cartlainne an Chontae a fhógairt go bhfuil a dtogra is deireanaí ar a dtugtar ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’ seolta. Is togra idirchultúrtha é atá bunaithe ar bhéaloideas agus oidhreacht agus a bhfuil sé mar aidhm aige léargas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na heispéiris éagsúla imirce atá ag pobail ar fud Chontae Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)