Skip to main content

March

Bí faoi dhraíocht ag Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin

Date: 31 Márta 2025

Cultúr

Bí faoi dhraíocht ag Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin

Tá oíche lán le ceol, le filíocht agus le scéalaíocht geallta ag Cabaret Idirchultúrtha a bheas ar siúl in Amharclann an Ghrianáin ar an Aoine 28 Márta idir 7in agus 9in. Tá an ócáid seo á reáchtáil ag Seirbhís Ealaíne Dhún na nGall. 

Is é Dagogo Hart, file, drámadóir agus taibheoir iomráiteach, príomh-mhír na hoíche. Chuir sé lucht féachana ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin faoi dhraíocht lena chuid saothair go dtí seo. Mar chuid dá chuid léirithe bríomhara, cíorann sé téamaí cosúil le féiniúlacht, oidhreacht agus ceangal cultúrtha, rud a chiallaíonn go bhfuil gné phearsanta agus dhomhanda lena chuid oibre.

Lena chois sin, beidh léirithe spleodracha ann ón Phobal Indiach i Leitir Ceanainn, ó Anne Omodara, ó Nasya Igelige agus ón cheoltóir mór la rá a bhfuil duaiseanna bainte aici, sin í Theresa Kavanagh. Beidh aoi speisialta léi ar an oíche agus cuirfidh siad beirt éagsúlacht a gcuid ealaíontachta agus scéalaíochta i láthair ar an ardán. Beidh Anda Luma ina bean an tí agus cothóidh sí atmaisféar beo bríomhar ar an oíche fosta.

Tá an ócáid seo saor in aisce a bhuíochas don tacaíocht a fhaightear ó Éire Ildánach, a chuireann an deis iontach ar fáil le saibhreas na n-ealaíon idirchultúrtha i nDún na nGall a cheiliúradh. Tá fáilte romhat a theacht agus tú féin a thumadh sa chruthaitheacht agus a bheith páirteach san oíche speisialta seo!

Tá an tionscadal seo arna thacú ag Éire Ildánach agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)