Skip to main content

March

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á seoladh ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Date: 27 Márta 2025

Cultúr

Acmhainní Litearthachta do dhaoine fásta á seoladh ag Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh siad ag seoladh acmhainní litearthachta dírithe ar dhaoine fásta chun cuidiú leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga i mBéarla. Baineann siad leis an léitheoireacht, an scríbhneoireacht, an ghramadach agus léamhthuiscint. Beidh na hacmhainní á seoladh ag an Chomhairleoir Jack Murray, Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain, i Leabharlann Bhun Cranncha Dé Céadaoin 2 Aibreán ar a 11:00rn. Tá fáilte roimh an phobal bheith i láthair agus tuilleadh eolais a fháil faoi na hacmhainní. Beidh an seoladh seo mar chuid de na himeachtaí atá beartaithe don tSeachtain um Ionchuimisú Sóisialta i nDún na nGall.

I gcás gach acmhainn, is féidir na gníomhaíochtaí atá ann a dhéanamh agus leabhar den teideal sin á léamh agat, ag an am céanna. Tá cóipeanna de na leabhair seo ar fáil ó chraobhacha de Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus tugtar cuireadh do ghrúpaí clubanna leabhar a bhunú agus úsáid a bhaint as na hacmhainní ionas go mbeidh siad ábalta a scileanna litearthachta a fheabhsú.

Tá cuid de na hacmhainní úsáideach do scoláirí BCTE (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile).

Thig na hacmhainní a fháil agus a íoslódáil ón suíomh idirlín agus níl costas ar bith leis. Cuireann na háiseanna breise seo leis na hacmhainní atá ag dul i méid agus atá ag tacú le hionchuimsiú pobail.

Níl aon chostas le ballraíocht a ghlacadh sa tSeirbhís Leabharlainne agus bíonn rochtain agat ar réimse mór acmhainní saor in aisce i do leabharlann áitiúil. Níl aon táille le híoc má bhíonn tú déanach le leabhar agus is féidir an chéad leabhar eile a chur in áirithe ó chompord do thí féin agus cuirfidh do leabharlann áitiúil scéala chugat nuair a bheidh sé réidh le bailiú. Tá go leor áiseanna saor in aisce ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar líne fosta cosúil le ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhirisí, ríomhnuachtáin agus acmhainní foghlama agus taighde ar líne.  

Chun níos mó eolais a fháil faoina bhfuil ag tarlú i do leabharlann áitiúil, caith súil ar donegallibrary.ie nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó ar Instagram @donegallibrary.
 
Tháinig maoiniú don togra seo ó Oifig an Chláir Náisiúnta um Litearthacht d’Aosaigh don Saol atá lonnaithe i SOLAS, trí Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 06 Beal 2025

Lá na hEorpa á cheiliúradh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Chun Lá na hEorpa a cheiliúradh, beidh imeacht saor in aisce á reáchtáil i Lárleabharlann i Leitir Ceanainn Dé hAoine 9 Bealtaine ó 11.00am go dtí 1.00pm. Beidh bianna samplacha agus fíricí spraíúla ann ó thíortha lena n-áirítear an Pholainn, an Ísiltír, an Fhrainc an Spáinn agus Éire. Beidh deis ann cultúr na hÉireann a fhiosrú fosta agus roinnt frásaí Gaeilge a fhoghlaim (Cúpla focal).

Image text description

Date: 30 Aib 2025

Féile Bealtaine 2025 Seolta

Tá Dún na nGall ag ceiliúradh 30 Bliain den fhéile Bealtaine. Beidh an fhéile ar siúl ar feadh míosa; ag díriú ar na hEalaíona, ar an Cheol agus ar an Phobal.

Image text description

Date: 16 Aib 2025

Athbhreithniú Bliantúil an Rannáin Chultúir 2024

D’fhoilsigh Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a nAthbhreithniú Bliantúil 2024 ar na mallaibh ina bhfuil achoimre ar éachtaí a bhaineann le rannpháirtíocht chultúrtha a neartú agus cruthaitheacht a chothú ar fud pobail éagsúla.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)