Skip to main content

May

Lá na hEorpa á cheiliúradh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Date: 06 Beal 2025

Cultúr

Lá na hEorpa á cheiliúradh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Lá na hEorpa i Lárleabharlann Leitir Ceanainn
Lá na hEorpa i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Chun Lá na hEorpa a cheiliúradh, beidh imeacht saor in aisce á reáchtáil i Lárleabharlann Leitir Ceanainn Dé hAoine 9 Bealtaine ó 11.00am go dtí 1.00pm. Beidh bianna samplacha agus fíricí spraíúla ann ó thíortha lena n-áirítear an Pholainn, an Ísiltír, an Fhrainc an Spáinn agus Éire. Beidh deis ann fosta cultúr na hÉireann a fhiosrú agus roinnt frásaí Gaeilge a fhoghlaim (Cúpla focal).

Ceiliúrann Lá na hEorpa an tsíocháin agus an aontacht san Eoraip. Is é seo an dáta a dhéantar comóradh ar 'dearbhú Schuman' - togra stairiúil a rinne Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, in 1950 a leag amach bunús an chomhair Eorpaigh. Meastar gurbh é togra Schuman a chuir tús leis an Aontas Eorpach mar a thugann muid air sa lá atá inniu ann.

Is ócáid speisialta é Lá na hEorpa i mbliana mar go bhfuiltear ag ceiliúradh 75 bliain ó tharla dearbhú Schuman.

Ní gá áirithint a dhéanamh don ócáid saor in aisce seo. Feicfidh muid ann thú!


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Beal 2025

Féile Chomórtha ar Niall Mac Giolla Bhrighde

Beidh Féile Chomórtha ar Niall Mac Giolla Bhrighde ar siúl ar an Chraoslach idir 16-18 Bealtaine. Feirmeoir, file, údar, agus scríbhneoir amhrán a bhí i Niall Mac Giolla Bhrighde a raibh cónaí air ar an Fhaiche Mhór, An Craoslach idir 1861 agus 1942.

Image text description

Date: 13 Beal 2025

Gairdín na gCéadfaí nua seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall chun folláine agus cuimsiú a chur chun cinn

Tá áthas ar Leabharlanna Dhún na nGall a fhógairt gur osclaíodh Gairdín na gCéadfaí nua ag Leabharlann Bhun Dobhráin go hoifigiúil ar an Luan 12 Bealtaine 2025. Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy an gairdín a oscailt go hoifigiúil.  Beidh an gairdín nua ina spás fáilteach, deartha chun tacú le riachtanais chéadfacha de gach aois agus cumas.

Image text description

Date: 06 Beal 2025

Lá na hEorpa á cheiliúradh i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Chun Lá na hEorpa a cheiliúradh, beidh imeacht saor in aisce á reáchtáil i Lárleabharlann i Leitir Ceanainn Dé hAoine 9 Bealtaine ó 11.00am go dtí 1.00pm. Beidh bianna samplacha agus fíricí spraíúla ann ó thíortha lena n-áirítear an Pholainn, an Ísiltír, an Fhrainc an Spáinn agus Éire. Beidh deis ann cultúr na hÉireann a fhiosrú fosta agus roinnt frásaí Gaeilge a fhoghlaim (Cúpla focal).

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)