Skip to main content

October

Sos a Ghlacadh do Shláinte Chruthaitheach agus Folláine Trasteorann

Date: 16 DFómh 2025

Cultúr

Sos a Ghlacadh do Shláinte Chruthaitheach agus Folláine Trasteorann

Bhí an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn, ina chíor thuathail de ghníomhaíocht chruthaitheach ar an Chéadaoin 15 Deireadh Fómhair ag léiriú cur chuige bríomhar, dírithe ar an tsláinte, trasteorann i leith na folláine. Tháinig rannpháirtithe ó Dhún na nGall agus ó cheantar Chathair Dhoire agus an tSratha Bháin le chéile ar feadh lae ag ceiliúradh meabhairshláinte dhearfach trí lionsa cruthaitheach.

Chuir an tionscadal Sláinte agus Folláine Chruthaitheach an Oileáin Chomhroinnte seo clár saincheaptha ar fáil ag comhoibriú le hoideasóirí sóisialta i nDún na nGall, líonra Pobail Shláintiúla Dhoire agus an tSratha Bháin, a gcliaint, agus soláthraithe cultúrtha chun clár a chruthú laistigh dá gceantar féin, ag cuidiú le bacainní a bhaint agus rannpháirtíocht a mhéadú i gcur chuige cruthaitheach comhdheartha i leith na sláinte agus na folláine.

Bhí an tionscadal, ar a dtugtar Sos a Ghlacadh, ar siúl thar thréimhse cúig seachtaine i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair. Gach seachtain, rinneadh iniúchadh ar cheann amháin de na cúig théama seo a leanas: ‘a bheith airdeallach;’ ‘a bheith gníomhach;’ ‘leanúint le foghlaim;’ ‘tabhair;’ agus ‘nasc a dhéanamh’.

Agus í ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Maureen Kerr, Comhordaitheoir Éire Ildánach do Chomhairle Contae Dhún na nGall: "Tá luacháir orainn cur chuige cruthaitheach i leith na sláinte agus na folláine a thabhairt chuig an Iarthuaisceart fríd an mhaoiniú seo ón Oileán Comhroinnte a chuireann Éire Ildánach ar fáil. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta do dheiseanna a fhiosrú chun daoine, áiteanna agus pobail a spreagadh agus a athrú ó bhonn trí chruthaitheacht. Tá muidinne ag tnúth le tógáil ar na comhpháirtíochtaí a bunaíodh trí oibriú le chéile chun an tionscadal seo a chur ar fáil. Is léir ó ghníomhaíochtaí an lae inniu gur bhain na rannpháirtithe agus na héascaitheoirí go léir an-taitneamh as páirt a ghlacadh sa tionscadal seo, agus tá súil againn go mbeidh tionchar fadtéarmach aige sin ar a leasa.”

Mhol Edel O’Doherty ó charthanacht atá lonnaithe i nDoire, Developing Healthy Communities, (Pobail Shláintiúla a Fhorbairt) don chomhoibriú tríd an mhéid seo a leanas a rá: “Thug tionscadal Sláinte agus Folláine Chruthaitheach an Oileáin Chomhroinnte deis iontach chun tairbhí na n-ealaíon i measc roinnt grúpaí ar an dá thaobh den teorainn a thástáil, rud a chuidigh le rannpháirtithe muinín a chothú, naisc a dhéanamh, agus taithí a fháil ar thionchar dearfach na cruthaitheachta ar shláinte agus ar fholláine, agus a n-aiseolas ar an gcur chuige comhdheartha pobal-lárnach sin a chluinstean ag an am céanna”.

Mhol Anne McAteer, Bainisteoir um Chur Chun Cinn na Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) na rannpháirtithe agus na healaíontóirí as an obair a rinneadh, "Chuir an maoiniú seo ó Cholún na bPobal Cruthaitheach ar chumas ár nOibrithe Nasc Oideasaithe Sóisialta i nDún na nGall deis a thabhairt do chliaint iniúchadh a dhéanamh ar théamaí na dteachtaireachtaí maidir le Cur Chun Cinn na Meabhairshláinte Sos a Ghlacadh ar bhealaí nua. Is iomaí buntáiste a bhí ann - bualadh le daoine nua agus cairdeas a chruthú; leasanna nua a aimsiú agus buanna agus scileanna ceilte a aimsiú; an domhan a iniúchadh agus é a fheiceáil trí lionsa na hoibre ealaíne.

In éineacht lenár gcomhghleacaithe in Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn, tá súil againn an chomhpháirtíocht a fhorbairt tuilleadh agus an tionscadal a leathnú go pobail eile, chun níos mó saoránach in Iarthuaisceart oileán na hÉireann a bhaint amach."

Ba é Éire Ildánach, clár cultúir agus folláine uile-rialtais a théann isteach i gcroílár na bpobal trína cholún Pobail Chruthaitheacha faoi stiúir Údaráis Áitiúla ar fud na hÉireann, a chuir tús le Sos a Ghlacadh. Fuair an tionscadal seo maoiniú ó chiste Sláinte agus Folláine Cruthaitheach an Oileáin Chomhroinnte.

Leis an tacaíocht seo, tá an tionscadal Sos a Ghlacadh tar éis bunús a leagan síos do níos mó ná 100 rannpháirtí ar fud an Iarthuaiscirt chun muinín a thógáil, naisc a dhéanamh, agus an domhan a fheiceáil ó dhearcadh nua, agus scileanna a fhorbairt agus taitneamh a bhaint as na buntáistí sláinte is féidir leis an chruthaitheacht a thabhairt.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 DFómh 2025

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am. Is mór ag an ghrúpa Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn agus Comhairle Contae Dhún na nGall bheith i mbun rannpháirtíochta le Michelle Murphy ón Choimisiún um Aistriú Cóir le haghaidh ceardlann ar Chéad Tuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hAthrú Aeráide.

Image text description

Date: 16 DFómh 2025

Sos a Ghlacadh do Shláinte Chruthaitheach agus Folláine Trasteorann

Bhí an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn, ina chíor thuathail de ghníomhaíocht chruthaitheach ar an Chéadaoin 15 Deireadh Fómhair ag léiriú cur chuige bríomhar, dírithe ar an tsláinte, trasteorann i leith na folláine. Tháinig rannpháirtithe ó Dhún na nGall agus ó cheantar Chathair Dhoire agus an tSratha Bháin le chéile ar feadh lae ag ceiliúradh meabhairshláinte dhearfach trí lionsa cruthaitheach.

Image text description

Date: 15 DFómh 2025

Vital Voices: Oíche lán le léirithe Idirchultúrtha trí Fhocail, Scéalta & Amhráin

Tionscadal de chuid Éire Ildánach arna thacú ag Comhairle Contae Dhún na nGall & ChangeMakers Dhún na nGall Dé Máirt 21 Deireadh Fómhair 8pm // Pictiúrlann Bhun Cranncha Inis Eoghain. Cead Isteach: SAOR IN AISCE Ticéid de dhíth Le fáil ó Phictiúrlann Bhun Cranncha

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)